Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.”
Iób 19:25 - An Bíobla Naofa 1981 Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír atá a fhios agum go mairionn mfúascaltóir, agus go seasfuidh sé an lá déighionach air an ttalamh: |
Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.”
Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,
Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar sula bhfaighe sé mo bhua; Ansin is ea a bheidh mé gan smál agus saor ó thrompheaca.
Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.
Is mar seo a deir an Tiarna, bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: “Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin; leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh agus déanfar olagón dá ngártha caithréime.
Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.
Ach is láidir a slánaitheoir: Tiarna na Slua is ainm dó. Is é atá ag tagairt a gcúise; tabharfaidh sé síoth agus síocháin don talamh, ach cuirfidh eagla a gcroí ar mhuintir na Bablóine.
Is sa Mhac sin, as ucht a chuid fola, atá ár bhfuascailt faighte againne, maithiúnas ár gcionta,
Is fúthu seo a rinne Eineoc sa seachtú glúin ó Ádhamh fáistine á rá: “Féach, tháinig an Tiarna lena mhílte míle naomh,