Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iúd 1:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Is fúthu seo a rinne Eineoc sa seachtú glúin ó Ádhamh fáistine á rá: “Féach, tháinig an Tiarna lena mhílte míle naomh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Is orthusan a rinne Enoc tairngreacht, a bhí ar an seachtú duine de shliocht Ádhaimh, nuair a dúirt sé, “Bʼshiúd é an Tiarna ag teacht lena chéadta mile naomh,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Is d’á leithéidibh sin do rinne Énoch, duine de’n seachtmhadh glún ó Ádhamh, tarngaireacht, g‐á rádh, Féach, atá an Tighearna tagtha leis na míltibh móra d’á naomhaibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus do rinne Enoch fós, an seachdmhadh pearsa ó Adhamh, fáidheadóireachd ar a samhuil so, ag rádh, Féuch atá an Tíghearna ag teachd gon a mhíltibh náomh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Is fúthu seo a rinne Eineoc sa seachtú glúin ó Ádhamh fáistine dá rá: “Féach, tháinig an Tiarna lena mhílte míle naomh,

Féach an chaibidil Cóip




Iúd 1:14
18 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Iárad céad agus a seasca dó bliain d'aois, ghin sé Eineoc


Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.


Líonfar an gleann atá idir na cnoic ó Ghóa go dtí Iásól agus druidfear é faoi mar a tharla tar éis an chreatha talún in aimsir Uiziá, rí Iúdá. Tiocfaidh an Tiarna, mo Dhia, ansin agus a chuid naomh go léir in éineacht leis.


Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.


“Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire.


Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái, agus d'éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír. Dealraigh sé ó Shliabh Phárán; tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis, ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.


Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.


Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach,


Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.


Ansin san fhís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na ríchathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí