Iób 19:13 - An Bíobla Naofa 1981 Thréig mo bhráithre mé, Agus scar mo lucht aitheantais liom ar fad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chuir sé mo dhearbhráithre a bhfad uáim, agus atáid mo luchd aitheanta thríd amach coimhightheach. |
A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó.
Cuirtear díomá orthu cé go raibh misneach acu; Tagann siad ansiúd, ach loictear orthu.
Tá mo bheatha á snoí le brón agus mo bhlianta le hosnaíl. Táim ar díth mo nirt le buaireamh; tá mo chnámha á gcnaí.
Rinne ábhar aithise díom do mo naimhde go léir. Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé: is cúis uamhain mé do mo chairde. An dream a chastar sa tsráid orm, teitheann siad uaim.
Tá mo chroí ag preabadh; d'imigh mo neart uaim, agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.
Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé, agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim, mar gheall ar mo chréachtaí.
“Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile, “an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”
Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile; tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.
Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán; ach chlis siad go léir orm; mo shagairt agus mo sheanóirí uile, díothaíodh iadsan sa chathair, nuair a bhí siad ag cuardach bia chun iad féin a neartú arís.
Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche; bíonn a gruanna báite le caisí deor; níl aon sólásaí ar bith aici i measc a cuid leannán; d'fheall a cairde go léir uirthi; is naimhde di iad anois.
Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.
Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é.