Iób 18:8 - An Bíobla Naofa 1981 Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é, Agus siúlann sé i measc na sás. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oir atá sé teilgthe a líon le na chosuibh féin, agus atá sé ag siubhal air paintér. |
Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé, Agus a dhún a líon i mo thimpeall.
Beidh cíocras air chun a fhómhair, Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd. Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.”
Go dtaga orthu díothú gan choinne; go gceaptar iad féin sa líon a chuir siad i bhfolach romham. Go dtite siad sa chlais.
d'fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léir ag doirse iníne Síón agus go ndéana mé lúcháir i do shlánú.
Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh, ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.
Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.
An té a theitheann ó thorann na scéine, titfidh sé sa chlais; má dhreapann sé aníos as an gclais, béarfar air sa ghaiste. Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh, agus bunsraith na talún ar crith.
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Leathfaidh mé m'eangach os do chionn agus tú i gcomhluadar a lán pobal; tabharfaidh siad aníos i m'eangach thú.
Ní mór freisin dea-theist a bheith air ag an muintir lasmuigh le heagla go dtabharfaí tarcaisne dó agus go mbuailfeadh an diabhal bob air.
Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.
ar shlí go dtiocfadh a gciall chucu agus go n‑éalóidís ó ghaiste an diabhail ina bhfuil siad gafa chun a thola aige.