Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 32:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Seo mar a deir an Tiarna Dia: Leathfaidh mé m'eangach os do chionn agus tú i gcomhluadar a lán pobal; tabharfaidh siad aníos i m'eangach thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Is marso a deir an Tighearna DIA; Leathnocha misi amach ar a nadhbharsin mo líon ós do chionn lé comhluadar mhóráin daóine; agus do bhéaruid a níos ann mo líon thú.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 32:3
8 Tagairtí Cros  

An mé an Mhuir nó an Ollphiast A rá is go gcuirfeá lucht faire i mo chúram?


Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.


“Seolfaidh mé anois mórán iascairí - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig.


Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámha a rug greim daingean orthu go léir; leath sé líon do mo chosa agus thug orm casadh ar ais; d'fhág sé go tréigthe mé agus mé go dona tinn ó lá go lá.


Leathnóidh mise mo líon air agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogall; tabharfaidh mé liom é go dtí an Bhablóin i dtír na gCaildéach, cé nach bhfeicfidh sé é; agus gheobhaidh sé bás ansin.


Leathfaidh mé m'eangach thairis agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogaill; tabharfaidh mé liom chuig an Bhablóin é agus gearrfaidh mé pionós air ansin mar gheall ar an bhfeall a d'imir sé orm.


Ach cibé áit a n‑eitleoidh siad, leathfaidh mé orthu mo líon, agus leagfaidh mé iad amhail éanlaith an aeir, agus smachtóidh mé iad de réir líon a n‑urchóidí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí