Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 32:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “A mhic an duine, caoin Forann, rí na hÉigipte, agus abair leis: Ba dhóigh leat gur leon óg thú i measc na gciníocha. Ach is crogall thú sna farraigí; brúchtann tú i d'aibhneacha, corraíonn tú na huiscí le do spága, salaíonn tú na sruthanna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 A mhic an duine, tóig súas núalghubba ar son Phárao rígh na Hégipte, agus abair ris, Is cosmhuil thú ré leomhan óg do na cineadhachaibh, agus atá tú mar mhíol mhór annsna fairgidhibh: agus tháinic tú amach led shrothaibh, agus do bhuáidhir tú na huisgeadha led chosaibh, agus do shaluigh tú a naibhne.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 32:2
27 Tagairtí Cros  

Coileán leoin é Iúdá! Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach; agus cromann sé agus luíonn mar leon nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?


Cuireann sé an duibheagán ar fiuchadh mar choire, Agus an fharraige ag brúchtaíl mar phota cumhráin.


An mé an Mhuir nó an Ollphiast A rá is go gcuirfeá lucht faire i mo chúram?


Is cuma nó tobar a suaitheadh nó foinse a truailleadh, an fíréan a chúbann roimh an urchóideach.


Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach, drochrialtóir ar phobal bocht.


An leon, an gaiscíoch ar na hainmhithe, nach dtugann cúl le haon ní;


An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir, Leiviatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan, an nathair lúbarnach: maróidh sé dragan na farraige.


Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?


Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu.


Cé a d'éirigh suas ar nós na Níle, a bhfuil a uisce ag corraí mar thuile?


Airiú, nach í an Éigipt a d'éirigh ar nós na Níle agus a huiscí ar fiuchadh mar thuile. ‘Éireoidh mé,’ ar sí, ‘agus báfaidh mé an talamh; scuabfaidh mé chun siúil idir bhailte agus áitritheoirí!


Déanaidís deifir go dtóga siad caoineadh dúinne! Go sile ár súile le deora, go sceithe ár bhfabhraí le huisce!


Tógfaidh siad olagón ar do shon agus déarfaidh leat: ‘Níl rian díot fágtha ar na farraigí, a chathair iomráiteach, a bhí láidir tráth ar an bhfarraige, tú féin agus d'áitritheoirí a raibh an tír mhór uile scanraithe agaibh.


“A mhic an duine, caoin an Tuír.


Tógfaidh siad olagón agus lógóireacht os do chionn, agus iad ag caoineadh ar do shon: Cé riamh a scriosadh mar a scriosadh an Tuír i lár na farraige?


“A mhic an duine, caoin rí na Tuíre agus abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Rug tú craobh na foirfeachta leat le feabhas do ghaoise, agus le maise do scéimhe;


Beidh sí ar an ríocht is uirísle dá mbeidh ann agus ní bheidh smacht aici níos mó ar na ciníocha eile. Laghdóidh mé í ionas nach mbeidh sí arís i gceannas ar na ciníocha.


Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’


“Sín é an caoineadh a thógfar; iníonacha na gciníocha a thógfaidh é. Tógfaidh siad é ar son na hÉigipte agus ar son a pobail uile - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


“A mhic an duine, caoin pobal mór na hÉigipte; seol síos iad, ise agus iníonacha na gciníocha uaisle, in íochtar an domhain, chucu siúd atá imithe síos go Seól:


Ní leor libh innilt ar an bhféar méith ach satlaíonn sibh ar an gcuid eile le bhur gcrúba. Ní leor libh an t‑uisce glan a ól ach truaillíonn sibh an chuid eile le bhur gcrúba.


Seabá agus Déadán, ceannaithe Thairsís agus a gcoileáin leon uile, fiafróidh siad díot: ‘An ar lorg creiche a tháinig tú? Ar thionóil tú na sluaite le héadáil a ghlacadh, le hairgead agus ór a bhreith leat, le heallach agus earraí a sciobadh agus creach mhór a ghabháil?’


Chúb sé chuige, agus luigh, mar leon, mar bhanleon. Cé leomhfadh é chur ina shuí? Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe; gura mallaithe lucht bhur mallaithe.”


“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí