Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 32:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Fágfaidh mé ansin ar an talamh thú, teilgfidh mé amach ar an mblár folamh thú, tabharfaidh mé ar an éanlaith tuirlingt ort agus ar bheithígh an domhain thú a alpadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Annsin fúigfidh mé air an ttalamh thú, teilgfidh mé amach annsá mhachaire oscuilte thú, agus do bhéara mé air uile éunuibh neimhe comhnuidhe do dhéanamh ort, agus líonfa mé beathuighe na talmhan uile dhíot.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 32:4
19 Tagairtí Cros  

An dream atá ar tí m'anama chun a scriosta, rachaidh siad síos i ndoimhneacht na talún.


Is tú a rinne conamar de chinn an Leiviatan gur thug tú ina bhia é do ainmhithe allta an fhásaigh.


Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaigh mar bheadh dramhaíl déistineach, ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort, agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.


Fágfar ansin iad go léir le haghaidh éin chreiche na sléibhte agus ainmhithe allta na talún. Caithfidh na héin an samhradh ag gabháil dóibh, agus na hainmhithe allta an geimhreadh.


Agus nuair a théann siad amach, feicfidh siad corpáin na ndaoine sin a rinne ceannairc i m'aghaidh. A gcnumhóg siúd, ní rachaidh in éag ná a dtine ní mhúchfar ábhar gránach a bhéas iontu ag an gcine daonna go léir.


“Beidh mairbh an Tiarna sa lá sin scaipthe ó cheann ceann na cruinne. Ní chaoinfear iad; ní chruinneofar iad ná ní mó a adhlacfar iad; fanfaidh siad ar éadan na talún mar aoileach.


Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.


Caithfidh mé amach san fhásach thú, tú féin agus éisc uile do shruthán; titfidh tú ar mhachaire lom, gan do chruinniú le chéile ná do chur sa talamh. Tabharfaidh mé mar bhia thú do bheithígh an mhachaire agus d'éanlaith an aeir,


Líonfaidh mé a shléibhte le corpáin; an dream a maraíodh leis an gclaíomh titfidh siad ar do chnoic, i do ghleannta agus i d'uile chumar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí