Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 24:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 An té a theitheann ó thorann na scéine, titfidh sé sa chlais; má dhreapann sé aníos as an gclais, béarfar air sa ghaiste. Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh, agus bunsraith na talún ar crith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus tiucfuidh a ccrích, an té theithfios ré fuáim na heagla go ttuitfidh se annsa pholl; agus an té thiucfas a níos as lár an phoill go ngéabhthar san líon é: óir atáid na fuinnéoga foscailte ó náird shúas, agus criothnuigh bunáit na talmhan.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 24:18
26 Tagairtí Cros  

Ansin d'fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna.


Sa bhliain sé chéad d'aois Naoi, sa dara mí, agus sa seachtú lá déag den mhí sin - an lá sin féin phléasc toibreacha uile an duibheagáin mhóir, agus osclaíodh comhlaí uisce neimhe.


Ach d'fhreagair an feidhmeannach, a bhí mar theannta ag an rí, an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir, arbh fhéidir é seo a theacht i gcrích?” “Feicfidh tú é le do shúile cinn,” arsa Eilíseá, “cé nach n‑íosfaidh tú greim de.”


Má theitheann sé ón arm iarainn, Aimseoidh an bogha cré-umha go paiteanta é.


Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad, agus chaith a chaora tine gur threascair iad.


Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar, agus d'iarr mé cúnamh ar mo Dhia Chuala sé mo ghlór ina theampall, agus ráinig mo ghlao a chluasa.


Chrith an talamh agus suaitheadh é agus corraíodh fothaí na sléibhte toisc go raibh sé ar lasadh le barr feirge.


Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.


Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha, go mbogfaidh an talamh as a áit, le barr buile Thiarna na Slua, sa lá a spréachfaidh a fhearg.


Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.


nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraig agus i scoilteanna na n‑ailteanna ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.


Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”


Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle eisean an charraig a bhainfidh leagan as dhá theaghlach Iosrael; é ina shás agus ina ghaiste do mhuintir Iarúsailéim.


Tá an scéin, an poll, an gaiste i ndán duit, a áitreabhaigh Mhóáb - an Tiarna a labhraíonn.


An té a theitheann ón scéin, titfidh sé isteach sa pholl; ag dreapadh aníos as an bpoll dó tógfar sa ghaiste é. Sea, sin iad [na sciúirsí] a bhuailfidh mé ar Mhóáb i mbliain a chuardaithe - an Tiarna a labhraíonn.


Scanradh agus clais ghábhála is dán dúinn, léirscrios agus lot.


B'eagal libh an claíomh agus tabharfaidh mé an claíomh anuas oraibh - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Leathnóidh mise mo líon air agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogall; tabharfaidh mé liom é go dtí an Bhablóin i dtír na gCaildéach, cé nach bhfeicfidh sé é; agus gheobhaidh sé bás ansin.


Iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne, agus cé go n‑éalóidh siad ón tine slogfaidh sí beo iad fós. Tuigfidh tú gur mise an Tiarna nuair a iompóidh mé m'aghaidh ina gcoinne,


Is mairg daoibh atá ag tnúth le lá an Tiarna. Cad é lá an Tiarna daoibh? Is dorchadas é agus ní solas;


mar dhuine a d'éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí