Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís, D'fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir, Nó go ndéanfaí fóirithint orm.
Iób 17:13 - An Bíobla Naofa 1981 Níl súil agam ach le Seól mar bhaile, Agus bualadh fúm sa dorchadas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Má fhuirighim, sí a nuáigh mo thigh: do rinne mé mó leabuighe a ndorchadas. |
Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís, D'fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir, Nó go ndéanfaí fóirithint orm.
Dá fhad í an oíche, a deir siad, tagann an lá; Tá an solas láimh linn chun an dorchadas a ruaigeadh.
Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,
Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith, Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir.
Mar a scaipeann an néal, agus a imíonn sé ar ceal, Sin mar nach bhfillfidh aníos an té a théann síos go Seól.
Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham; má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin.
Fan leis an Tiarna go meanmnach; bíodh misneach i do chroí. Cuir do dhóchas sa Tiarna.
nuair a bhíonn eagla ar dhuine roimh arda agus scanradh air siúl sa tsraid; nuair a bhíonn an crann almóinne faoi bhláth agus an dreoilín teaspaigh ag éirí malltriallach agus caor na cupraisce gan éifeacht; óir tá an duine ag triall ar an áitreabh síoraí agus siúlann na caointeoirí mórthimpeall na sráideanna;
Is ea, de bharr na hurchóide tógtar an fíréan ar shiúl ach isteach sa tsíocháin a théann sé. Tá siad ag ligean a scíthe ar a leaba dheireanach, iad siúd a shiúil bealach na córa.