Iób 15:14 - An Bíobla Naofa 1981 Céard é an duine go mbeadh sé íon? Agus gin na mná go mbeadh sé fíréanta? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cred é an duine, as a mbíath sé glan? agus an té rugadh ó mhnaói, as a mbíath sé fíréunta? |
“Má pheacaíonn siad i d'aghaidh - mar níl duine beo nach ndéanann peaca - agus go dtiocfaidh fearg ort leo agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfaí chun siúil iad mar dhaoir go tír i gcéin nó i gcóngar;
A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar Dhia Agus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal.
Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá; Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé?
Breathnaíonn an Tiarna ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia.
Chuaigh siad uile ar seachrán; truaillíodh iad uile, níl neach ann a dhéanann an mhaith: níl oiread is duine.
Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais; óir níl aon neach fíréanta i d'fhianaise.
Ar an taobh eile dhe níl duine ar domhan chomh fíréanta sin go ndéanann sé an mhaith i gcónaí agus nach ndéanann sé peaca in aon chor.
Féach, is é seo an t‑aon ní amháin a fuair mé amach: is díreach a rinne Dia na daoine ach is iomaí cleas a tharraingíonn siad chucu féin.
Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích.
ach dhaingnigh an scrioptúr an uile ní faoi ghlas an pheaca, ar shlí go dtabharfaí ar gealladh do chreideamh in Íosa Críost do lucht an chreidimh sin.