Níl ag cur tinnis air ach a chorp féin, Níl d'ábhar olagóin ag a anam ach é féin.
Iób 14:21 - An Bíobla Naofa 1981 Baineann a chlann mhac onóir amach, ach is gan fhios dó é! Leagtar ar lár iad, ach ní eol dó sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tigid a mhic chum onóra, agus ní bhí a fhios sin aigesion; agus cuirthear síos íad, acht ní bheir seision aire orra: |
Níl ag cur tinnis air ach a chorp féin, Níl d'ábhar olagóin ag a anam ach é féin.
D'ardófaí iad ar feadh tamaillín, agus ansin theipfidís. Thitfidís ar lár, agus threigfidís ar nós na leamhaí buí, D'fheofaidís ar nós diasa arbhair.
Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála
Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad.
óir is tusa ár n‑athair, cé nach n‑aithníonn Abrahám sinn agus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó. Tusa, a Thiarna, is athair dúinn; ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.
Nuair a bhí sí ag saothrú an bháis, dúirt na mná a bhí ina seasamh timpeall uirthi: “Ná bíodh eagla ort! Rug tú mac!” Ach níor thug sí aon fhreagra orthu agus ní raibh aon aird aici orthu.