Iób 13:16 - An Bíobla Naofa 1981 Sé a bheidh mar shlánú agam, Nach coirpeach atá ag teacht os a chomhair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Budh eision fós mo shlánughadh: óir ní thiucfaidh fúarchráibhtheach dá lathair. |
Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothú Agus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad.
A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé, Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal
Le Dáiví. 1 Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú, cé a chuirfidh eagla orm? Is é an Tiarna daingean m'anama; cé a chuirfidh ar crith mé?
An Tiarna mo neart, mo dhán; eisean mo shlánú. Eisean mo Dhia, agus molfaidh mé é. Dia m'athar, agus móraim é!
Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”
Is díomhaoin ina dhiaidh sin súil a bheith leis na harda, mar an gcéanna le scléip na sléibhte. Go deimhin is é an Tiarna ár nDia slánú Iosrael.
Mar sin é an t‑ordú atá faighte ón Tiarna againn: ‘Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin, ionas go mbeidh tú i d'ábhar slánaithe go himeall an domhain.’ ”