Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 3:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Is díomhaoin ina dhiaidh sin súil a bheith leis na harda, mar an gcéanna le scléip na sléibhte. Go deimhin is é an Tiarna ár nDia slánú Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Go deimhin is díomhaóin súil do bheith re slánughadh ó na cnocaibh, agus ó iomad na slíabh: go deimhin is annsa TIGHEARNA ar Ndía atá slánughadh Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 3:23
25 Tagairtí Cros  

Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia! Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus agus briseann tú fiacla na bpeacach. 8 A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!


Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean; ní dhéanfar mo bhogadh.


Déantar an t‑each a ghléasadh le haghaidh lá an chatha, ach is é an Tiarna a bheireann bua.


Sa lá sin, fuílleach Iosrael agus ar tháinig slán de theaghlach Iacóib, ní bheidh siad ag brath níos mó ar an té a bhuaileann iad, ach beidh siad ag brath go fírinneach ar an Tiarna, Neach Naofa Iosrael.


An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”


Mise, is mise an Tiarna, agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.


Lucht déanta íol iad go léir is neamhní iad agus níl aon sochar sna rudaí seo ar a bhfuil a ngnaoi. Níl radharc ná tuiscint ag a lucht freastail agus dá bharr sin beidh siad náirithe go deo.


Go deimhin, is faratsa atá Dia i bhfolach, Dia Iosrael, an slánaitheoir.


Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna, tá sibh slánaithe aige go deo. Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhse ar feadh saol na saol go brách.


Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.


Cé hé seo chugainn as Eadóm, as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh? É i mborr agus i mbláth faoina chulaith, ag céimniú i mbarr a nirt. - Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta, mise atá in acmhainn slánaithe!


óir is tusa ár n‑athair, cé nach n‑aithníonn Abrahám sinn agus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó. Tusa, a Thiarna, is athair dúinn; ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.


Ó a Thiarna, a dhóchais Iosrael, a shlánaitheoir in am an anó, cad chuige ar cosúil le strainséir thú sa tír seo, mar a bheadh taistealaí ann nach bhfanann ach aon oíche?


Slánaigh mé a Thiarna, agus beidh mé slán go cinnte, sábháil mé agus beidh mé sábháilte, óir is tú amháin mo [dhóchas].


(a n‑altóirí agus a gcuaillí coisricthe, ag gach crann craobhach, ar na cnoic arda, ar na sléibhte, amuigh faoin tuath).


Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: “An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d'imir ansin an striapach?


Óir seo mar a deir an Tiarna: Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib! Tógaigí gártha do cheann na náisiún! Fógraígí! Molaigí! Gáirigí: ‘Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!’


Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, d'ofrálaidís a n‑íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála.


(Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).”


Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh; adhraimidne an ní is eol dúinn; mar is ó na Giúdaigh an slánú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí