Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 3:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Shlog an rud náireach saothar ár n‑aithreacha ónár n‑óige anall, a dtréada agus a dtáinte, a mic agus a n‑iníonacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Oír do shluig náire sáothar ar naithreadh ó ar nóige; a ttréada agus a náirgheadha, a mic agus a ningheana.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 3:24
12 Tagairtí Cros  

Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe, ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí túis ag Bál.


Labhair mise leat i do shonas, ach dúirt tú: ‘Ní éistfidh mé.’ Ba é seo do bhéasa ó d'óige; níor umhlaigh tú do mo ghuthsa.


Agus anois, is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: ‘Cad chuige a dtabharfadh sibh an t‑anró céanna oraibh féin? An mian libh an uile dhuine idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin a ghearradh amach as lár Iúdá, ionas nach bhfágfar fuíoll beo agaibh,


“Tá cuachaíl a n‑eachra le clos ó Dhán; creathnaíonn an tuath uile le fuaim sheitreach a staileanna. Tagann siad a mhilleadh na tíre agus a bhfuil inti, na mbailte agus gach a gconaíonn iontu.


Déanaidís deifir go dtóga siad caoineadh dúinne! Go sile ár súile le deora, go sceithe ár bhfabhraí le huisce!


Mar an gcéanna, an t‑arán a thug mé duit, an plúr mín, an ola agus an mhil lenar chothaigh mé thú, d'ofráil tú dóibh iad mar bholadh cumhra - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Lena chois sin, thug tú na mic agus na hiníonacha a rug tú domsa agus d'íobair tú dóibhsean iad lena slogadh siar. Nár leor leat do striapachas?


Cuimhneoidh tú ansin ar do ghníomhartha agus beidh náire ort nuair a ghlacfaidh mé do dheirfiúracha, an sinsear agus an t‑óg, lena mbronnadh ort mar iníonacha, cé nach den chonradh leat é seo.


ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Tabharfar chun na hAsaíre é féin go cinnte, mar cháin [don Ardrí]. Náireofar Eafráim, bainfear lasadh as Iosrael, de dheasca na drochchomhairle a lean sé.


Ar an ábhar sin dúnfaidh mé an bóthar uirthi le sceacha, agus tógfaidh mé balla le nach n‑aimseoidh sí an tslí.


Mar chaora fíniúna san fhásach, is ea a tháinig mé ar Iosrael; mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir), is ea a leag mé súil ar bhur sinsear. Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór, choisric siad iad féin don Náire, agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad ná na nithe dár thug siad gean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí