Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 3:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Luímis síos inár náire, agus folaíodh ár n‑easonóir sinn, óir pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia (sinn féin agus ár n‑aithreacha ónár n‑óige go dtí inniu; agus níor éisteamar le guth an Tiarna ár nDia).”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Luidhmid síos ann ar náire, agus foluighidh ar mbuáidhirt sinn: óir do pheacuigheamar a naghaidh an TIGHEARNA ar Ndía, sinn féin agus ar naithre, eadhon ó ar nóige gus a niugh, agus níor úmhluigheamar do ghuth an TIGHEARNA ar Ndía.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 3:25
38 Tagairtí Cros  

Pheacaíomar ar nós ar sinsir; rinneamar an t‑olc agus an t‑éigeart.


Níor thug ár n‑aithreacha san Éigipt aon aird ar bith ar d'éachtaí. Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá; thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.


Go n‑éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne; agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.


Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht, ach onóir don té a ghlacann le ceartú.


Níor éist mé le glór mo mháistrí, ná níor thug mé cluas do mo lucht teagaisc.


Níor chuala tú trácht riamh orthu, níorbh eol duit iad, ní raibh do chluas oscailte agam dóibh roimh ré. Óir bhí a fhios agam an feall atá ionat, agus clú na ceannairce a bheith ort ón mbroinn.


Ach sibhse uile, fadaíonn sibh tine, corraíonn sibh suas an ghríosach. Isteach libh i lasracha na tine sin agaibh agus sa ghríosach atá adhainte agaibh. Mo lámhsa a chaithfidh libh ar an dóigh sin, suífidh sibh fúibh i bpeannaid.


Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe, ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí túis ag Bál.


Cruithneacht a chuir siad i dtalamh, ach baineann siad dreas. Chuir siad iad féin chun saothair, ach ba é an saothar in aisce é. Loiceann barraí an fhómhair orthu, mar gheall ar fhearg an Tiarna.”


A Thiarna, admhaímid ár n‑olc agus éigeart ár n‑aithreacha; go dearfa pheacaíomar i d'aghaidhse.


Bíodh agus go bhfianaíonn ár n‑oilc inár n‑aghaidh, déan beart mar sin féin, a Thiarna, ar son d'ainm fein! Go deimhin is minic a bhíomar mídhílis, pheacaíomar i d'aghaidhse!


Nár tharraing tú é seo ort féin, mar gur thréig tú an Tiarna do Dhia?


Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn.


“Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna: ‘Cuimhním ar dhíograis d'óige, do ghean brídeoige an t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach, i bhfearann nár cuireadh.


Mar a bhíonn náire ar ghadaí nuair a bheirtear air, is mar sin a bheidh ag teach Iosrael; iad uile, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt, a bhfáithe,


Cad chuige ar tháinig mé as an mbroinn riamh, a thabhairt aghaidh ar shaothar agus doilíos agus go gcríochnófaí mo laethanta faoi náire?


Labhair mise leat i do shonas, ach dúirt tú: ‘Ní éistfidh mé.’ Ba é seo do bhéasa ó d'óige; níor umhlaigh tú do mo ghuthsa.


Ach amháin admhaigh do chionta: an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhia gur imigh ag spallaíocht le strainséirí agus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.


Sea, d'iompaigh mé i leataobh, ach tháinig aithrí orm ó shin; tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht. Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann; sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’


Crioslaigh thú féin i sacéadach, ó a iníon mo dhaoine, únfairtigh thú féin i luaithreach, déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic, caoineadh róghéar. Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn.


An ormsa dáiríre a dhéanann siad a n‑olc - an Tiarna a labhraíonn - nach orthu féin go deimhin a dhéanann siad sin, á mearú féin?


Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.


Déanaidís deifir go dtóga siad caoineadh dúinne! Go sile ár súile le deora, go sceithe ár bhfabhraí le huisce!


Tá an choróin tar éis titim dár gceann; is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar.


Pheacaigh ár n‑aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó; is orainne a agraítear a gcionta.


“A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d'éirigh amach i m'aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n‑aithreacha i m'aghaidh go dtí an lá inniu féin.


Bíodh fhios agaibh nach ar bhur sonsa a dhéanaim é seo - an Tiarna Dia a labhraíonn. Bíodh náire agus imní oraibh mar gheall ar bhur n‑iompar, a mhuintir Iosrael.


Ní bheidh cead acu triall orm arís chun gnó sagairt a dhéanamh liom, ná teacht in aice leis na nithe naofa liom ná na nithe rónaofa; ach beidh siad faoi náire ag na nithe gránna a rinne siad.


Crioslaíonn siad iad féin le sacéadach, agus iad uile ar ballchrith le huafás. Tá náire ar an uile aghaidh agus maoile ar an uile cheann.


Mar chaora fíniúna san fhásach, is ea a tháinig mé ar Iosrael; mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir), is ea a leag mé súil ar bhur sinsear. Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór, choisric siad iad féin don Náire, agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad ná na nithe dár thug siad gean.


Agus cuirfidh mé an oiread sin anró ar dhaoine go mbeidh siad ag amharcaíl rompu amhail daoine dalla, mar pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna scaipfear a gcuid fola mar dheannach agus a gcuid feola mar aoileach.


Agus cad é an toradh a bhíodh agaibh an uair sin ar nithe ar náir libh anois iad? Mar is é an bás a ndeireadh siúd.


Agus ó bhur thaobhsa de, ná déanaigí aon chonradh le muintir na tíre seo; scriosaigí a n‑altoirí.’ Ach níor ghéill sibh do m'orduithe. Cad é seo a rinne sibh?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí