Iób 12:19 - An Bíobla Naofa 1981 Fágann sé sagairt ag siúl cosnochta Agus leagann ar lár na huaisle. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Beiridh sé prionnsadha leis millte, agus claóidhigh an cumhachtach. |
Cén fáth gur buan iad na coirpigh Agus go méadaíonn a maoin le himeacht na mblianta?
Ach cuirtear fad le laethanta an tíoránaigh, Agus beireann sé bua le barr nirt, Nuair a chailleann sé a mhuinín ina bheatha,
Faigheann siad bás i bprapadh na súl; Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche, Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir;
Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh, Agus cuireann dream eile ina n‑áit.
I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé] Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.
Glaonn daoine os ard de bharr géarleanúintí, Agus bíonn siad ag cáiseamh de bharr forneart an tréin.
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras, an té ar rug sé ar láimh dheis air chun na ciníocha a leagan ina fhianaise agus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile; chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteach ionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.
Nuair a bhíodarsan tugtha amach go Iósua acu, ghair Iósua ar fhir Iosrael go léir agus dúirt le taoisigh na bhfear cogaidh a throid ina theannta: “Druidigí isteach agus cuirigí bhur gcosa ar bhráide na ríthe seo.” Ansin dhruideadar isteach leo agus leag a gcosa ar a mbráide.
Ghabh Iósua na ríthe sin go léir agus a bhfearainn d'aon iarracht amháin mar go raibh an Tiarna, Dia Iosrael, ag troid ar son Iosrael.
Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”