Iób 10:17 - An Bíobla Naofa 1981 Tugann tú finnéithe nua i mo choinne Agus méadaíonn tú do mhíshásamh liom. Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Athnúaidhigh tú thfiadhuin am aghaidh, agus méuduighidh tú thfearg orum; atáid malarta agus cegadh am aghaidh. |
D'éirigh sé mar fhinné i mo choinne, Mar chúlghearrthóir, ag tabhairt fianaise i m'aghaidh.
Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh? Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais?
Fuasclóidh sé m'anam go sítheach ón gcath seo a chuirim - óir is iomaí sin duine a throideann liom -
Bhí Móáb i suaimhneas óna óige; shuigh sé ar a mhoirt; níor folmhaíodh é ó shoitheach go soitheach; níor chuaigh riamh i mbraighdeanas; uime sin choinnigh sé a bhlas dílis féin, níor aistríodh a bholadh.
An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainn agus smachtóidh mé na daoine sin atá ag dul i raimhre ar a ndeascadh agus a deir ina gcroí istigh: ‘Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh, olc maith ná donaí.’
Oir d'imigh mé liom sách agus thug an Tiarna abhaile mé seang. Cad ab áil libh ag tabhairt Náoimí orm dá bhrí sin, mar thug an Tiarna fianaise i m'aghaidh, agus rinne an tUilechumhachtach mé a chiapadh?”