Agus fad a bhí seisean fós ag caint tháinig duine eile mar an gcéanna a dúirt: “Bhí do chlann mhac agus iníon ag ithe agus ag ól i dteach an dearthár ba shine acu,
An feadh do bhí sé fós ag combrádh, tháinic duine oile mar an ccéadna, agus a dubhairt, Do bhádar do mhic agus hingheana ag ithe agus ag ól fíona a ttigh a ndearbhrathar fá sine:
agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”
Agus le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: “Rinne na Caildéigh trí bhuíon díobh féin agus thugadar ruaig chreiche faoi na camaill gur sciobadar leo iad, agus chloíodar na seirbhísigh le faobhar a gclaímh, agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”
agus féach! tháinig gaoth mhór anall thar an bhfásach agus bhuail ceithre chúinne an tí i dtreo gur thit sé anuas ar na daoine óga gur éagadar uile, agus nár tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”
Bhí ghnáth lena chlann mhac dul agus fleá a bheith acu i dteach a chéile ar a n‑uain; agus chuiridís teachtairí chun a ndeirfiúracha le cuireadh dóibh chun bia agus deoch a chaitheamh leo.
Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.
gach uair a dtagann, sroichfidh sé sibh. Maidin in aghaidh na maidne tiocfaidh sé ar a chuairt, tiocfaidh de lá agus d'oíche; agus cúis scéine a bheidh ann a scéal a scaoileadh.
Sibhse uile a thriallann thar bráid, breathnaígí agus féachaigí an bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa - mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí, a chuir an Tiarna féin orm, ar lá a dhíbheirge fíochmhaire.