I mo sheanóir liath dom anois, ná déan mé a thréigean, a Dhia, chun go bhfoilseoidh mé do chumhacht don ghlúin seo agus do chumas dá bhfuil le teacht.
Filéamón 1:9 - An Bíobla Naofa 1981 is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh d'achainí ort - mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) is é is fearr liom a impi ort ar ghrá Dé—is ea, mise Pól, a bhíodh i mʼambasadóir agus atá anois i mo bhraighdeanach ar son Íosa an Críost— Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) is é is fearr liom impidhe do dhéanamh ort, ar son an ghrádha, agus gur mise Pól atá im’ shean‐fhear, agus im’ phríosúnach anois ar son Íosa Críost: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gidheadh cheana tré ghrádh is usa liom impidhe chur ort, ar mbeíth dhamh mar Phól fhoirfe, agus a noir fós um phríosúnach ar son Iósa Críosd. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh dʼachainí ort–mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, |
I mo sheanóir liath dom anois, ná déan mé a thréigean, a Dhia, chun go bhfoilseoidh mé do chumhacht don ghlúin seo agus do chumas dá bhfuil le teacht.
Ná caith uait mé i ndeireadh m'aoise; ná fág mé liom féin nuair a mheathfaidh mo bhrí orm.
Go dtí bhur seanaois beidh mise mar atá mé, agus go liatha bhur gceann beidh mise i mo thaca agaibh. Is é a rinne mé cheana nuair a d'iompair mé sibh; beidh mé mar thaca agaibh agus mar fhuascailt.”
Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n‑íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n‑adhradh spioradálta.
Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.
Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú.
mar is mac do Dhia gach uile dhuine agaibh de bharr bhur gcreidimh in Íosa Críost.
Sin é an fáth a bhfuilimse, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe -
Táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh
an dea-scéal a bhfuilimse i mo thoscaire air agus mé faoi ghlas féin; guígí go ndéanfaidh mé é a fhógairt chomh dána agus is cóir.
Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó,
Abair leis na fir scothaosta a bheith stuama staidéartha measartha agus a bheith go daingean sa chreideamh, sa ghrá agus san fhoighne.
Iarraim d'achainí róspeisialta oraibh é seo a dhéanamh ionas go mba luaithide a sheolfar ar ais chugaibh mé.
A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam.
Má thagann a n‑aithreacha nó a ndeartháireacha chugainn le gearán, déarfaimid leo: ‘Maithigí dóibh, [mar thóg gach fear] díobh bean mar a dhéanann daoine i gcogadh; dá dtabharfadh sibh féin mná dóibh, bhrisfeadh sibh bhur mionn agus bheadh coir déanta agaibh.’ ”