Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Tiomóid 1:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Beirim buíochas leis an té a neartaigh chuige sin mé, le hÍosa Críost ár dTiarna, ó mheas sé go raibh mé dílis nuair a cheap sé mé le bheith i mo fhreastalaí aige,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Do‐bheirim buidheachas leis an té thug cumas dom, Íosa Críost ár dTighearna, do mheas gur dhuine iontaobhtha mé, ’gam’ thoghadh le h‐aghaidh a sheirbhíse:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Ar a nadhbharsin beirim buidheachas ris an tí do neartuigh mé, Iósa Críosd ar Dtíghearna, do bhrígh gur mheas sé mo bheith díleas, dom chur sa miniosdralachd;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh a oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó,

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 1:12
26 Tagairtí Cros  

agus dúirt sé leo: ‘Isteach i m'fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’


i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.


Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí d'fhiacha orainn dul isteach.


“Gluais leat,” arsa an Tiarna leis, “mar is é sin an duine atá tofa agamsa chun m'ainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael.


Ach is ag dul i neart a bhí Sól agus chuir sé mearbhall ar Ghiúdaigh Dhamaisce toisc é bheith ag dearbhú gurb é Íosa an Meisias.


Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom.


Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:


Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna.


Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche.


mar is mac do Dhia gach uile dhuine agaibh de bharr bhur gcreidimh in Íosa Críost.


Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.


agus go ndearbhódh gach teanga, in ómós do Dhia an tAthair, gurb é Íosa Críost an Tiarna.


Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.


Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine:


Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas.


atá de réir an dea-scéil ghlórmhair úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa.


Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh.


I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil féin chreidimh os comhair Phoint Pióláit, achtaím ort,


An teagasc a chuala tú uaimse i bhfianaise a lán, cuirse é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith.


Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin


Guím grásta agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár Slánaitheoir Críost Íosa ar Thíteas, mo mhac dílis sa chreideamh atá i bpáirt againn.


is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh d'achainí ort - mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí