Ach d'fhreagair an rí: “Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: ‘Cuir mallacht ar Dháiví,’
Eoin 2:4 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa léi: “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m'uairse tagtha fós.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú dom? Níl an uain agam go fóill.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus deir Íosa léi: Cad é sin damh-sa agus duit-se, a bhean? Ní tháinic m’uair-se go fóill. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa léi, Caidé sin duit‐se nó damh‐sa, a bhean? ní tháinig m’uair‐se go fóill. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A dubhair Iósa ría, Créud é sin damhsa na dhuitse, a bhean? Ni tháinic múairse fós. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa léi: Cad é sin dómh-sa agus duit-se sin, á bhean? Níor tháinig m’aimsir-se fós. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa léi: “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl mʼuairse tagtha fós.” |
Ach d'fhreagair an rí: “Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: ‘Cuir mallacht ar Dháiví,’
Ansin labhair Aibísí mac Zarúá amach: “Nach gcuirfear Simeí chun báis de bhrí gur chuir sé a mhallacht ar ungthach an Tiarna?”
Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”
Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.
Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”
Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m'Athar nárbh fholáir dom bheith?”
D'fhreagair Íosa iad agus dúirt: “Tá an uair tagtha chun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú.
Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta.
“Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean,” ar siad léi. “Mar gur thóg siad mo Thiarna,” ar sí leo, “agus nach eol dom cár chuir siad é.”
Dúirt Íosa léi: “A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?” Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: “A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.”
Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.
Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Níor tháinig m'uain-sé go fóill; ach tá bhur n‑uain-sé i gcónaí ullamh.
Téigí-sé suas chun na féile, ach nílimse ag dul suas chun na féile seo [fós], óir níl m'uain-sé comhlíonta go fóill.”
Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.
As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.
Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair: “Ní fhaca mé iad.” Ní aithnid dó a bhráithre, ná níl aithne aige ar a chlann. Sea, chomhlíonadar do bhriathar, agus choimeádadar do chonradh go daingean.