“Tóg leat do mhac,” arsa Dia leis, “d'aonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.”
Eoin 11:3 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige, á rá, “A Thiarna, an té a bhfuil cion agat air, tá sé breoite.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, chuir a dheirbhsheathracha scéala chuige, ag rádh: a Thighearna, féach, tá an té is ionmhuin leat tinn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuir an bheirt deirbhshiúr teachtaireacht chuige, g‐á rádh, A Thighearna, féach, an té is ionmhain leat atá sé breoite. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin do chuireadar a dheirbhsheathracha fios chuigesion, ag rádh, A Thighearna, féuch, atá an té as ionmhuin leachd tinn. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do chuir an bheirt driféar teachtaireacht chuige ’ghá rádh: A Thighearna, féach, an t-é is ionmhuin leat tá sé breóite. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige dá rá: “A Thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.” |
“Tóg leat do mhac,” arsa Dia leis, “d'aonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.”
Chuir sé grá as cuimse ag borradh i mo chroí do na daoine dílse a mhaireann ina thír.
Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.”
Bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr.
Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: “Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht.”
Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig.
Dúirt Marta ansin le Íosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.
Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin.
Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó.
D'fhan Earastas i gCorant agus d'fhág mé Troifimeas i Miléatas de bhrí go raibh sé breoite.
An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.