Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 11:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Anois bhí grá ag Íosa do Mharta agus dá deirfiúr agus do Lasarus.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus bhí grádh ag Íosa do Mharta, agus do Mháire, a deirbhshiúir, agus do Lasair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus do bhí an‐chion ag Íosa ar Mharta, agus ar a deirbhshiúr, agus ar Lasarus.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus dob ionmhuin lé Híos Martá, agus a deirbhshíur, agus Lásarus.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus dob’ ionmhuin le h-Íosa Marta agus a drifiúr Máire agus Lasarus.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 11:5
11 Tagairtí Cros  

Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí.


Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: “A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i m'aonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.”


Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe.


Bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr.


Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.”


Dúirt na Giúdaigh dá bhrí sin: “Féach, cad é cion a bhí aige air!”


Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d'fhan sé dhá lá mar a raibh sé.


Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?”


Óir tá cion ag an Athair féin oraibh, de bhrí go raibh cion agaibh orm, agus gur chreid sibh gur ó Dhia a ghabh mé amach.


Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d'ainm, ionas, an grá a thug tú dom, go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí