D'fhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.”
Eoin 1:11 - An Bíobla Naofa 1981 Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tháinig sé chun a ionaid dhúchais, agus níor ghlac a mhuintir féin leis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tháinic sé chun a mhuinntire féin, acht níor ghlac a mhuinntir féin leis. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is chum a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuinntear féin leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Dionnsuighe a choda féin tháinic sé, agus níor ghabhadar a dháoine féin chuca é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuintir féin é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir é. |
D'fhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.”
Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’
Ach an uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh, dóibh seo a chreideann ina ainm,
Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.
An rud a chonaic sé agus a chuala sé, déanann sé fianaise air, ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise.
A bhráithre liom, a shliocht Abrahám agus a mhuintir in bhur measc a bhfuil ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an teachtaireacht shlánaitheach seo.
Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.
agus d'fhágamar slán ag a chéile; chuamarna ar bord na loinge agus chas siadsan ar ais abhaile.
Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú
Táim ag insint na fírinne i gCríost, agus tá mo choinsias á dhearbhú dom sa Spiorad Naomh, nach aon bhréag dom a rá
is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne - an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.
Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,