Uime sin is mór é thú, a Thiarna Dia; níl aon neach mar thú, níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.
Eaxodus 10:2 - An Bíobla Naofa 1981 agus i dtreo go n‑eachtrófása do do mhac agus do mhac do mhic conas mar a bhuail mé bob ar na hÉigiptigh agus go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ionnus go ninneostasa a gclúasuibh do mhic, agus mic do mhic, ciodh íad na neithe do rinne misi sa Négipt, agus mo chomharthadha do rinne mé na measg; ionus go mbía a fhios aguibh gur misi an TIGHEARNA. |
Uime sin is mór é thú, a Thiarna Dia; níl aon neach mar thú, níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.
Chualamar lenár gcluasa féin é, a Dhia, agus d'inis ár n‑aithreacha féin dúinn na hoibreacha a rinne tú fadó, na héachtaí a rinne tú lena linn.
Beidh ríméad ar an bhfíréan nuair a fheicfidh sé an díoltas agus nífidh sé a chosa i bhfuil na n‑urchóideach.
I mo sheanóir liath dom anois, ná déan mé a thréigean, a Dhia, chun go bhfoilseoidh mé do chumhacht don ghlúin seo agus do chumas dá bhfuil le teacht.
Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: ‘Cén chiall atá leis seo?’ déarfaidh tú leis: ‘Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse;
Beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna nuair a bheidh glóir buaite agam de bharr Fhorainn agus a charbad agus a mharcshlua.”
Ansin cruafaidh mé croí Fhorainn agus rachaidh sé sa tóir orthu agus bainfidh mé glóir amach de bharr Fhorainn agus a shlua; beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna.” Rinneadar amhlaidh.
Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de.
Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.”
Agus shín Árón a lámh os cionn uiscí na hÉigipte agus tháinig na froganna aníos agus chlúdaíodar talamh na hÉigipte go léir.
An beo, an beo amháin a cheiliúrann thú, mar a dhéanaim féin inniu. Athair mé ag meabhrú do dhílseachta dá chlann.
Thruailligh mé iad lena mbronntanais féin, ag tabhairt orthu a gcéadghinte a íobairt le tine, ionas go mbuailfeadh uafás iad; rinne mé amhlaidh le go dtuigfidís gur mise an Tiarna.
Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, d'ofrálaidís a n‑íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála.
Insígí do bhur gclann é agus insíodh bhur gclann dá sliocht féin é agus insíodh a sliochtsan é do ghlúin eile fós.
Agus sibhse, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.
“Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta.