Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 10:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Isteach leat i láthair Fhorainn mar is mise a chruaigh a chroí agus croíthe a shearbhóntaí i dtreo go dtaispeánfainn na comharthaí seo liom ina measc:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Eirigh a steach go Phárao: óir do chruadhuigh misi a chroidhe, agus croidhe a sherbhíseach, ionnus go ttaisbéanfuinn íadso mo chomharthadha dá lathair.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 10:1
19 Tagairtí Cros  

Is é Dia mo sciath is mo dhídean a shaorann lucht an chroí dhírigh.


Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael imeacht.


Sínfidh mé mo lámh ámh agus buailfidh mé an Éigipt leis na hiontais a dhéanfaidh mé inti. Ansin scaoilfidh sé libh.


Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.


Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais.


Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, níor thug sé cluas dóibh.


Ach is chuige seo a lig mé duit maireachtáil: chun mo chumhacht a thaispeáint duit i dtreo go bhfoilseofaí m'ainm os comhair an tsaoil.


Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: “Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir.


“Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.”


Arís sa scrioptúr deir sé le Forann: “Is chuige seo go díreach a d'ardaigh mé thú chun feidhm a bhaint asat le mo chumhacht a thaispeáint agus m'ainm a fhógairt ar fud an domhain go léir.”


Dá réir sin déanann sé trócaire ar an duine is rogha leis agus cruann sé an croí ina rogha duine chomh maith.


Ba é deonú an Tiarna a gcroíthe a chruadh chun go rachaidís chun catha in aghaidh Iosrael d'fhonn go gcuirfí gan taise faoin mbang iad agus go scriosfaí iad mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


Is mairg dúinn! Cé a shaorfaidh sinn ó láimh an dé chumhachtaigh seo? Eisean an dia a bhuail na hÉigiptigh le gach sórt plá san fhásach!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí