Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 8:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Agus shín Árón a lámh os cionn uiscí na hÉigipte agus tháinig na froganna aníos agus chlúdaíodar talamh na hÉigipte go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do shín Aáron a lámh ós cionn uisge na Hégipte; agus tangadar na cnadáin anshíos, agus do fholuigheadar talamh na Hégipte.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 8:6
17 Tagairtí Cros  

Uime sin is mór é thú, a Thiarna Dia; níl aon neach mar thú, níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.


agus dúirt: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus cineálta le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do chosán le hiomlán a gcroí.


Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna, fiú amháin i seomraí a ríthe.


Chuir sé cuileoga chucu a d'alp iad, agus froganna ina scaotha á milleadh.


Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna; ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha.


Ó thosach sular saolaíodh na sléibhte, sular rugadh an talamh agus an chruinne, is tú Dia gan tús gan deireadh.


agus i dtreo go n‑eachtrófása do do mhac agus do mhac do mhic conas mar a bhuail mé bob ar na hÉigiptigh agus go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna.”


Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?


Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus sín do lámh os cionn uiscí na hÉigipte ar fad, os cionn a n‑aibhneacha agus os cionn a gcanálacha, os cionn a mbogach agus os cionn a linnte i dtreo go ndéanfar fuil díobh go léir ar fud tír na hÉigipte, go fiú lán an tobáin agus an chrúsca.’ ”


mar an uair seo seolfaidh mé mo phlánna go léir sa mhullach ort féin, agus ar do shearbhóntaí, agus ar do mhuintir, i dtreo go mbeidh a fhios agat nach bhfuil mo leithéid eile ar domhan ar fad.


D'fhreagair Maois é: “A luaithe a fhágfaidh mé an chathair, sínfidh mé mo lámha i dtreo an Tiarna; stadfaidh an toirneach agus beidh deireadh leis an gclochsneachta, i dtreo go mbeidh a fhios agat gur leis an Tiarna an domhan.


Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna - agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.


Bíodh an ghráin agaibh ar gach míol sna huiscí atá gan eite gan ghainne.


Óir níl a gcarraigsean mar ár gCarraigne; ní himpígh ár naimhde.


Níl aon neach mar Dhia, Isiriún; tagann sé i gcabhair ort ar mhuin na spéartha; agus ar mhuin na néalta ina mhórgacht.


Thaispeáin sé an méid sin daoibh, d'fhonn go mbeadh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia dáiríre agus nach bhfuil Dia ann ach é.


Agus chonaic mé trí spioraid neamhghlana, mar fhrogaí, ag teacht ó bhéal an dragain agus ó bhéal an bheithígh agus ó bhéal an fháidh bhréige -


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí