Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 8:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ach rinne na draíodóirí mar an gcéanna le barr draíochta agus thugadar froganna ar thalamh na hÉigipte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus do rinneadar na dráoithe sin le na ndroigheachd, agus tugadar cnadáin súas ar talamh na Hégipte.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 8:7
8 Tagairtí Cros  

Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna.


Ach rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna lena gcleasa draíochta; agus d'fhan croí Fhorainn crua mar a bhí agus, faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna, ní éisteodh sé leo.


Rinne na draíodóirí iarracht, le barr draíochta, corrmhíola a dhéanamh, ach chuaigh díobh. Tháinig na corrmhíola ar an duine agus ar an mbeithíoch.


óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb'fheidir.


Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n‑aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí.


Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí