Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile, ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodón a lucht taca ar fad. Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach, an fuíoll as Inis Chaftór.
Amos 1:10 - An Bíobla Naofa 1981 teilgfidh mé tine síos ar bhalla na Tuíre a dhófaidh go talamh a páláis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht cuirfidh mé teine ar bhalla Tirus, noch loisgfios a páláis. |
Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile, ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodón a lucht taca ar fad. Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach, an fuíoll as Inis Chaftór.
Déanfar creach de do shaibhreas agus éadáil de d'earraí; réabfar do bhallaí agus scriosfar do thithe breátha, teilgfear do chlocha, do chláir adhmaid agus fiú do bhruscar cré, i lár na farraige.
Réabfaidh siad ballaí na Tuíre, brisfidh siad anuas na túir inti; scríobfaidh mé an chré uaithi agus fágfaidh ina carraig nocht í.
Le hiomad do pheacaí agus caimiléireacht do ghnóthaí, thruailligh tú do shanctóirí; bhain mé tine asat le do dhó, rinne mé luaithreach díot ar an talamh os comhair gach duine a chonaic thú.
“Dorchóidh an ghrian agus beidh an ghealach chomh dearg le fuil nuair a thiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna.
Ach, féach! Gabhfaidh an Tiarna seilbh uirthi; brisfidh sé a cumhacht ar an bhfarraige agus loiscfear í le tine.