Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 26:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Déanfar creach de do shaibhreas agus éadáil de d'earraí; réabfar do bhallaí agus scriosfar do thithe breátha, teilgfear do chlocha, do chláir adhmaid agus fiú do bhruscar cré, i lár na farraige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus do dhéanuid éadáil dot shaidhbhrios, agus do dhéanuid creach dot cheannuigheacht: agus brisfid síad síos do bhalladha, agus sgriosfuid síad do thighthe breághdha: agus leagfuid síad do chlocha agus hadhmad agus do luáithreadh a lár a nuisce.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 26:12
19 Tagairtí Cros  

Bhí saibhreas agus clú go raidhsiúil ag Hiziciá. Thóg sé cistí dó féin i gcomhair a chuid airgid agus óir agus cloch lómhar, agus spíosraí, agus sciath, agus seod de gach sórt.


In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.


Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraige agus chroith sé a cuid ríochtaí; thug sé an t‑ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán.


Cé a cheap an beart seo i gcoinne Tuír na gcoróineacha, a mbíodh a ceannaithe ina bprionsaí, agus a trádálaithe ar mhóruaisle na talún?


Buailigí bhur n‑ucht i ndiaidh na dtailte taitneamhacha, i ndiaidh na fíniúna a bhí torthúil,


Uailligí a thréadaithe na gcaorach, éimhigí, únfairtigí ar an talamh, a thiarnaí na dtréad, óir tá laethanta bhur n‑eirligh ar láimh, fearacht na reithí is deise, titfidh sibh.


Scrios na saighdiúirí Caildéacha go léir a bhí i dteannta chaptaen an gharda na ballaí go léir a bhí thart ar Iarúsailéim.


Beidh sí mar ionad triomaithe eangacha i lár na farraige. Óir mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn - beidh sí ina creach ag na ciníocha.


Teilgfidh siad síos thú go Seól, agus gheobhaidh tú anbhás i gceartlár na farraige móire.


Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire, tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi, gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach; agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc. (Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)


Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.


Is cuma Nínivé nó taiscumar a bhfuil an t‑uisce ag rith as. “Stadaigí, stadaigí!” Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais.


Ach scaip mé chun fáin iad i measc na náisiún uile nach raibh aithne acu orthu; agus tar éis dóibh imeacht bánaíodh an tír sa chaoi nach raibh duine ná deoraí ag gabháil anonn agus anall inti. Ar an gcuma sin rinne siad fásach folamh dá ndúiche álainn.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí