Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 1:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Eadóm, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh agus gur rad uaidh gach uile thrua, go mbíodh sé i gcónaí confach agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 ¶ Marso a deir an TIGHNARNA; Ar son thrí sáruighthe Edom, agus ar son a ceathair, ní choigeola mé íad: do bhrígh gur ainlean sé a dhearbhrathair leis an ccloidheamh, agus gur theilg úadh gach uile thrúaighe, agus gur réub a fhearg go síorruidhe, agus gur chonnaimh a fhearg go síorruighe:

Féach an chaibidil Cóip




Amos 1:11
28 Tagairtí Cros  

Seo chugainn anois muintir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír; nuair a bhí Iosrael ag teacht amach as an Éigipt níor cheadaigh tú d'Iosrael iad a ionsaí; chas Iosrael i leataobh agus níor scrios siad iad -


ach seo mar atá díolaíocht á déanamh acu anois, ag teacht dár dtiomáint amach as na tailte a thug tú dúinn mar oidhreacht.


Rinne Eadóm ionradh arís agus bhris siad ar Iúdá, agus thug siad bránna leo.


Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: “Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.”


Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slanaitheoir; agus ná bí i bhfaltanas linn feasta.


Ná bí teasaí taghdach, mar is in ucht amadáin a lonnaíonn an fhearg.


Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.


Tá Iosrael tar éis diúltú don Mhaith; rachaidh an namhaid sa tóir air.


Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.


ach tá fearg an-mhór ar fad orm leis na náisiúin dhíomasacha; mar cé nach raibh ach fearg bheag orm, chuaigh siadsan thar fóir leis an olc a rinne siad.


“Tá grá agam daoibh,” a deir an Tiarna; ach deir sibhse: “Conas a ghráíonn tú sinn?” “Nach é Éasau deartháir Iacóib?” a deir an Tiarna. “Mar sin féin, tá grá agam do Iacób;


Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”


Déanaigí aithris ar Dhia mar gur sibh a chlann mhuirneach,


Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí