Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar; agus rinne sé a bhfuascailt óna n‑anacraí,
2 Samúéil 22:7 - An Bíobla Naofa 1981 Ghlaoigh mé ar an Tiarna as mo ghátar; d'éigh mé chun mo Dhé. Chuala sé mo ghlór óna theampall, agus thug sé cluas do mo ghlao. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann méigion do ghoir mé ár an TTIGHEARNA, agus do éigh mé ar mó Dhía: agus do chúalaidh sé mo ghuth as a theampall, agus do chúadar mo chomhairce a steach na chlúasaibh. |
Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar; agus rinne sé a bhfuascailt óna n‑anacraí,
Amhrán Oilithreach. 1 Ar an Tiarna a scairt mé nuair a bhí mé do mo bhuaireamh; agus d'éist sé liom.
Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.
Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.
Theilg tú mé síos san aibhéis, i ndoimhneacht na farraige, mar ar thimpeallaigh an díle mé, agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uile ag madhmadh tharam.
Síos liom go fréamhacha na sléibhte; bhí barraí fhearann an Bháis á ndaingniú orm feasta choíche. Ach tharraing tusa aníos as an bPoll mé go beo beathach, a Thiarna, a Dhia liom!
Ach tá an Tiarna ina theampall naofa; bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair.
Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh.
Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.
Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.