Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 22:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Luaisc agus chrith an talamh; tháinig creathán ar mháithreacha na spéire - tháinig creathán orthu de bharr a chuid feirge.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Ann sin do chorruigh agus do chriothnuigh an talumh; do chorruigheadar agus do chriothnuigheadar bunáite neimhe, do bhrígh go raibh fearg airsion.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 22:8
13 Tagairtí Cros  

ach an té a bhaineann leo, gabhann sé chuige iarann nó crann sleá agus ansin dóitear ar fad iad sa tine.


Tagann creathán ar cholúin na spéire, Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.


Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar, agus d'iarr mé cúnamh ar mo Dhia Chuala sé mo ghlór ina theampall, agus ráinig mo ghlao a chluasa.


A Dhia, nuair a ghabh tú roimh do phobal amach, nuair a thriall tú tríd an bhfásach bhí an talamh ar crith. Selah


Bhí na scamaill ag stealladh uisce anuas; bhí na spéartha ag caitheamh toirní go torannach; agus do shaigheada ag scinneadh de gach leith dínn.


Bhí do thoirneach ag tormáil mórthimpeall agus do splancacha ag soilsiú an tsaoil. Corraíodh an talamh agus chrith sé.


Soilsíonn a splancacha an chruinne; creathnaíonn an talamh ar a fheiceáil.


Tá na sléibhte ar crith roimhe agus na cnoic á leá. Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan, agus gach duine dá gcónaíonn ann,


Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha.


Agus bhí maidhm mhór talún ann, mar thuirling aingeal an Tiarna ó neamh agus tháinig ag iompú na cloiche siar agus shuigh sé uirthi.


Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.


A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír, Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm, Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh, Agus d'imigh scamaill ina mbáisteach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí