Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 22:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ghlaoigh mé ar an Tiarna as mo ghátar; d'éigh mé chun mo Dhé. Chuala sé mo ghlór óna theampall, agus thug sé cluas do mo ghlao.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Ann méigion do ghoir mé ár an TTIGHEARNA, agus do éigh mé ar mó Dhía: agus do chúalaidh sé mo ghuth as a theampall, agus do chúadar mo chomhairce a steach na chlúasaibh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 22:7
16 Tagairtí Cros  

Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar; agus rinne sé a bhfuascailt óna n‑anacraí,


Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna. “A Thiarna, fóir ar m'anam!”


Amhrán Oilithreach. 1 Ar an Tiarna a scairt mé nuair a bhí mé do mo bhuaireamh; agus d'éist sé liom.


Chrioslaigh cuibhreacha Sheól mé, chuaigh mé in achrann i líonta an éaga.


Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.


Féachaigí chuige agus loinnir oraibh ‘s na bíodh luisne na náire in bhur leicne.


Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.


Theilg tú mé síos san aibhéis, i ndoimhneacht na farraige, mar ar thimpeallaigh an díle mé, agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uile ag madhmadh tharam.


Síos liom go fréamhacha na sléibhte; bhí barraí fhearann an Bháis á ndaingniú orm feasta choíche. Ach tharraing tusa aníos as an bPoll mé go beo beathach, a Thiarna, a Dhia liom!


Ach tá an Tiarna ina theampall naofa; bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair.


Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh.


Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.


Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí