2 Samúéil 22:6 - An Bíobla Naofa 1981 Cuireadh téada Sheól mar chuibhreach orm agus gaistí an bháis ar tinneall romham. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Thángadar doilghiosa ifrinn am thimchioll; do cuireadh líonta an bháis romham; |
Bhí dola an bháis i mo thimpeall, agus pianpháis na huaighe; casadh anró agus anacair i mo threo.
Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna; cosain mé ar fhear an fhoréigin; is mian leo barrthuisle a bhaint asam.
Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.
“Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht.
Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d'fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi: