Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 22:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ghabh tonnta an bháis i mo thimpeall, agus bhris tuilte urchóide i m'aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 A nuair thangadar tonna an bháis am thimchioll, tuilte na ndaoine neimhdhíadha do chuireadar eagla orum;

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 22:5
12 Tagairtí Cros  

Glaoim ar an Tiarna dár dleacht moladh, agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde.


Glaonn na duibheagáin ar a chéile le torann do chuid easanna. Tagann do thonnta agus do thuilte go léir ina gcaisí anuas orm.


Beidh urraim d'ainm an Tiarna aniar agus dá ghlóir ó éirí na gréine. Óir tiocfaidh sé mar a bheadh tuile á cúnglú idir dhá bhruach agus siorradh ón Tiarna á siabadh.


“Nuair a bhí mé i gcruachás, scread mé ar an Tiarna, agus thug sé cluas do mo ghuí; ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ort agus d'éist tú le mo ghuth.


“Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht.


Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.


Ansin tháinig ceann de na seacht n‑aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom á rá: “Gabh i leith! taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuiltí lána.


Lean sé air ag caint liom: “Na huiscí a chonaic tú mar a bhfuil an striapach ina suí, pobail agus slóite iad, agus ciníocha agus teangacha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí