Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 36:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Cuireann sé i ngéibheann geimhleach iad, Go daingean i mbraighdeanas an anró.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus má bhíd síad ceangailte a ngeimhlibh, agus da ccongmháil a slabhradhuibh na haindeise;

Féach an chaibidil Cóip




Iób 36:8
12 Tagairtí Cros  

Cuireann tú mo chosa i gceap, Agus faireann tú mo bhealaí go léir, Agus tugann tú aird ar rian mo chos.


Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé, Agus a dhún a líon i mo thimpeall.


Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n‑ainnise, Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan.


Seachain agus ná claon leis an olc, Mar sin é is cúis dáiríre le d'anró.


Bhí siad ina suí sa duifean agus sa dorchacht, i gcuibhreacha na hainnise agus an iarainn,


Bhí dola an bháis i mo thimpeall, agus pianpháis na huaighe; casadh anró agus anacair i mo threo.


Chrioslaigh téada lucht na hurchóide mé; níor dhearmad mé do dhlí.


D'fhonn a ríthe a cheangal i gcuibhreacha, agus a n‑uaisle i ngeimhleacha iarainn,


Tháinig tonnta an bháis i mo thimpeall agus scanraigh tuilte na hurchóide mé.


Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.


Dhún sé na bealaí orm le clocha soghearrtha; chuir sé cor i mo bhóithre go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí