Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.
2 Samúéil 22:11 - An Bíobla Naofa 1981 In airde ar cheirib leis agus d'eitil, agus bhí ar foluain ar sciatháin na gaoithe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí ag marcuigheachd ar cherubin, agus do eitiol sé: agus do chonncus é ar sciathánuibh na gaóithe. |
Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.
Chuir Dáiví chun bealaigh agus d'imigh lena lucht leanúna go léir ó Bhálá Iúdá chun áirc Dé ar a bhfuil ainm Tiarna na Slua a shuíonn faoi réim ar na ceiribíní a thabhairt aníos as sin.
thóg tú d'áras os cionn na díleann. Bíonn na néalta agat mar charbad ag marcaíocht duit ar sciatháin na gaoithe.
Má ghabhaim umam sciatháin na maidine, agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige,
Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha, ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras? Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách.
Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith; tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh.
Déanfaidh tú ceiribín do cheann agus an ceiribín eile don cheann eile, agus greamóidh tú iad de dhá cheann chathaoir na trócaire i dtreo gur aon phíosa léi iad.
D'ardaigh glóir Dhia Iosrael ó na ceiribíní, mar a raibh sí, go tairseach an tí; agus ghlaoigh sé ar an bhfear in éadach lín a raibh adharc dúigh ina chrios.
Nach spioraid fhriothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.
Uime sin chuir na daoine fios go Sileo agus thugadar leo ón áit sin áirc chonradh Thiarna na Slua, an té atá suite ar na ceiribíní; agus tháinig beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás in éineacht le háirc chonradh Dé.