Tháinig siad chun tosaigh dá bhrí sin, agus rinneadh iad a áireamh - dháréag ó Bhiniáimin do Ís Bál mac Shóil, agus dháréag de lucht leanúna Dháiví.
2 Samúéil 2:14 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Aibnéar le Ióáb: “Tagadh na hóglaigh chun tosaigh agus bíodh comhrac acu os ár gcomhair.” “Déanaidís,” arsa Ióáb. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Abner re Ióab, Eirghidís na hógánuigh anois, agus déindís súgradh as ar ccoine. Agus a dubhairt Ióab, Eirghidís. |
Tháinig siad chun tosaigh dá bhrí sin, agus rinneadh iad a áireamh - dháréag ó Bhiniáimin do Ís Bál mac Shóil, agus dháréag de lucht leanúna Dháiví.
Rug gach duine díobh ar cheann ar a chéile comhraic agus rop a chlaíomh ina chliathán: thiteadar go léir ar an aon láthair. Tugadh Gort na [gCliathán] ar an áit dá bharrsan. Tá sé i nGibeón.
Tharla cath fíochmhar an lá sin féin, agus bhris lucht leanúna Dháiví ar Aibnéar agus ar shluaite Iosrael.
Ansin chuir Amaiziá teachtairí go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú rí Iosrael á rá: “Tar agus bíodh triail againn as a chéile!”
Is geal leis an amadán an t‑olc a dhéanamh; ach teacht ar an eagna is gean le fear na gaoise.
Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.
Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar.
ná sceith é go róthobann sa chúirt. Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadh má bhréagnaíonn do chomharsana thú?