Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 2:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Rug gach duine díobh ar cheann ar a chéile comhraic agus rop a chlaíomh ina chliathán: thiteadar go léir ar an aon láthair. Tugadh Gort na [gCliathán] ar an áit dá bharrsan. Tá sé i nGibeón.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do ghlac gach áon díobh a chompanách ar cheann, agus do shaith a chloidheamh a ttáobh a chompánuigh; ionnus gur chomhthuitim dóibh: uimesin do goireadh don náitsin Helcat‐hassurim, noch atá a Ngibeon.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 2:16
7 Tagairtí Cros  

Dúirt Aibnéar le Ióáb: “Tagadh na hóglaigh chun tosaigh agus bíodh comhrac acu os ár gcomhair.” “Déanaidís,” arsa Ióáb.


Tháinig siad chun tosaigh dá bhrí sin, agus rinneadh iad a áireamh - dháréag ó Bhiniáimin do Ís Bál mac Shóil, agus dháréag de lucht leanúna Dháiví.


Tharla cath fíochmhar an lá sin féin, agus bhris lucht leanúna Dháiví ar Aibnéar agus ar shluaite Iosrael.


Ghlaoigh Aibnéar ar Ióáb ansin agus dúirt: “An bhfuil an claíomh le bheith ag slogadh leis go deo?” ar sé. “Nach bhfuil a fhios agat gur tubaisteach an chríoch a bheidh air seo? An fada go ndéarfaidh tú leis na daoine seo stad de bheith ag tóraíocht ar a mbráithre?”


agus threascair gach fear a chéile comhraic. Theith Arám agus lean Iosrael iad. D'éalaigh Bein Hadad ar each le marcshlua.


Fuair muintir Iarúsailéim ar fad eolas an scéil, agus dá chionn sin tugadh Haicealdamach mar ainm ar an ngort sin ina dteanga féin, is é sin le rá, “Gort na Fola”.


Ina bhfearann bhí Healcat, Haili, Beitin, Aicseáf,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí