Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 14:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ansin chuir Amaiziá teachtairí go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú rí Iosrael á rá: “Tar agus bíodh triail againn as a chéile!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 ¶ Ann sin do chuir Amasiah teachda úadh go Ioas mac Iehoahas mhic Iehu rígh Israel, gha rádh, Tárr, féucham ar aighthibh a chéile.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 14:8
12 Tagairtí Cros  

Dúirt sé: “Más ar thóir síochána a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad; nó más chun cogaidh a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad chomh maith.”


An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a chuir sé cogadh ar Amaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?


Ach ní éisteodh Amaiziá agus ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá.


Nuair a d'fhill Amaiziá tar éis ár na nEadómach, thug sé déithe mhuintir Shaeír leis agus chuir suas iad mar dhéithe dó féin, agus chrom síos ina n‑onóir agus thug ofrálacha dóibh.


Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta; ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.


Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.


Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin, agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.


Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar.


ná sceith é go róthobann sa chúirt. Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadh má bhréagnaíonn do chomharsana thú?


Cé chuirfidh an pobal seo faoi mo cheannas? Ansin thiomáinfinn amach Aibímeilic agus déarfainn le hAibímeilic: ‘Méadaigh d'arm agus tar amach.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí