Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 14:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Eisean a bhris ar na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, deich míle díobh, agus a ghabh an Charraig de ruathar. Thug sé Ioctael mar ainm uirthi agus is é atá uirthi go dtí inniu féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 ¶ Do mharbh sé deich míle do Edom a ngleann an tsaluinn, agus do ghabh sé Sélah ré cogadh, agus do ghoir Iocteel dainm dhi gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 14:7
11 Tagairtí Cros  

Bhain Dáiví cáil amach dó féin ar an gcuma sin. Ar fhilleadh dó, chloígh sé na hEadómaigh, ocht míle déag díobh, i nGleann an tSalainn.


Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.


Rinne tú Eadóm a chloí agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce, ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scrios?”


Chloígh Aibísí mac Zarúá na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, ocht míle dhéag díobh.


Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Lile an Dlí”. Mictam le Dáiví. Le foghlaim.


Cuirigí uain mar bhronntanas chuig rialtóir na tíre, ón gCarraig ar thaobh na díthreibhe go sliabh iníon Shíón.


Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.


Chuir uaill do chroí ar seachrán thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat, a deir i do chroí: ‘Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?’


Dileán, Mizpe, Ioctael,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí