Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’
2 Ríthe 9:3 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin faigh an crúiscín ola agus doirt ar a cheann é, agus abair: ‘Seo é briathar an Tiarna: Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.’ Ansin oscail an doras agus teith leat le teann deabhaidh.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Annsin glac an bocsa ola, agus dóirt ar a cheann é, agus abair ris, Is marso deir an TIGHEARNA, Do ungaídh mé thú ad rígh ós cionn Israel. Annsin foscuil an dorus, agus teith, agus ná déan comhnuighe ann. |
Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’
agus Iéahú mac Nimsí a ungadh ina rí ar Iosrael, agus Eilíseá mac Sheáfát ó Ábael Machólá a ungadh ina fháidh le teacht i do dhiaidh.
“Ach,” arsa Hazáéil, “cad é do shearbhónta? Níl ann ach madra le haon ní mór mar sin a dhéanamh.” “I bhfís ón Tiarna,” arsa Eilíseá, “chonaic mé thú i do rí ar Arám.”
D'éirigh sé agus chuaigh sé isteach sa teach. Dhoirt an t‑ógánach an ola ar a cheann á rá: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar phobal an Tiarna, ar Iosrael.
Ba é toil an Tiarna é Achaizíá a scriosadh tríd an turas seo ar thuairisc Iahórám. Nuair a tháinig sé ansiúd chuaigh sé amach le Iahórám le bualadh le Iéahú mac Nimsí an té a bhí ungtha ag an Tiarna le teaghlach Acháb a scriosadh.
Glacfaidh tú chugat ola an ungtha agus doirtfidh tú ar a cheann í agus déanfaidh tú é a ungadh ar an gcuma sin.
“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”
tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d'ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.
Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.
Dúirt Samúéil le Sól: “Mise an té a sheol an Tiarna chun tú a ungadh i do rí ar Iosrael, a phobal. Tabhair cluas dá réir sin do bhriathra an Tiarna.
Dúirt Samúéil: “Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael
D'fhreagair Samúéil: “Conas is féidir dom imeacht? Má fhaigheann Sól gaoth an fhocail, maróidh sé mé!” Agus dúirt an Tiarna: “Tabhair bearach leat, agus abair: ‘Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna.’
“Um an dtaca seo amárach seolfaidh mé chugat fear ó thír Bhiniáimin, agus ní foláir duit é a ungadh ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh sé mo phobal a fhuascailt ó chumhacht na bhFilistíneach; óir chonaic mé [anó] mo phobail mar tháinig a nglao chugam.”