Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 8:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 “Ach,” arsa Hazáéil, “cad é do shearbhónta? Níl ann ach madra le haon ní mór mar sin a dhéanamh.” “I bhfís ón Tiarna,” arsa Eilíseá, “chonaic mé thú i do rí ar Arám.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus a dubhairt Hasael, Achd cred, an madradh do shearbhfhoghantuigh, ás a ndéanadh sé an ní mórsa? agus do fhreagair Elisa é, Do thaisbéin an TIGHEARNA dhamhsa go mbia tusa ad rígh ós cionn na Siria.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 8:13
14 Tagairtí Cros  

Thug Meirí Bál ómós dó: “Céard é do shearbhónta,” ar sé, “a rá go mbeadh do ghnaoi ar mhadra marbh mar mise.”


Dúirt an Tiarna leis: “Imigh leat agus gabh ar ais an bóthar céanna go fásach na Damaisce. Tar éis teacht duit déan Hazáéil a ungadh ina rí ar Arám;


Bhí Hazáéil rí Arám ag déanamh géarleanúna ar Iosrael i gcaitheamh ré Iahóácház ar fad.


D'fhreagair Eilíseá: “Téigh agus abair leis: ‘Tearnóidh tú cinnte,’ ach d'fhoilsigh an Tiarna dom go bhfaighidh sé bás cinnte.”


Shearg mo scornach mar shlige cré-umha, is tá mo theanga ag ceangal de mo charball: leagann tú i luaithreach an bháis mé.


Ach ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna; mo chabhair thú! brostaigh chun mo chúnaimh.


Tá an croí cealgach thar gach rud eile, agus urchóideach lena chois; cé a fhéadann é a ransú?


Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.


“Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.


Seachnaígí na gadhair! Seachnaígí lucht na mioscaise! Seachnaígí lucht ciorraithe an choirp!


Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.


Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i m'aghaidh le bataí?” Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí