Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 1:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus ungadh Sádoc an sagart, agus Nátan an fáidh ann sin é na rígh ós cionn Israel: agus séidighsi an stoc, agus abruidh, Go mairigh an rígh Solamh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 1:34
24 Tagairtí Cros  

Chuir Aibseálóm teachtairí ar fud treibheanna Iosrael go léir á rá: “A luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, abraigí: ‘Tá Aibseálóm ina rí i Heabrón!’ ”


Tháinig muintir Iúdá ann, agus rinneadar Dáiví a ungadh ina rí ar theaghlach Iúdá. D'insíodar do Dháiví gur adhlaic muintir Iáibéis Gileád Sól.


Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.


Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’


Ansin leanaigí aníos é agus tagadh sé agus suíodh sé i mo ríchathaoir agus beidh sé ina rí i m'ionadsa, óir eisean an té a cheap mé mar rialtóir ar Iosrael agus ar Iúdá.”


Thóg Zádóc an adharc ola ón bpuball agus d'ungaigh sé Solamh. Shéid siad an stoc agus chuir an pobal go léir gáir suas: “Fad saoil do Sholamh rí!”


agus Iéahú mac Nimsí a ungadh ina rí ar Iosrael, agus Eilíseá mac Sheáfát ó Ábael Machólá a ungadh ina fháidh le teacht i do dhiaidh.


Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d'ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”


Nuair a chonaic sí an rí ina sheasamh ansin [ar an ardán], mar ba nós, agus na ceannfoirt agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”


Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: “Sé Iéahú an rí!”


Ansin faigh an crúiscín ola agus doirt ar a cheann é, agus abair: ‘Seo é briathar an Tiarna: Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.’ Ansin oscail an doras agus teith leat le teann deabhaidh.”


D'éirigh sé agus chuaigh sé isteach sa teach. Dhoirt an t‑ógánach an ola ar a cheann á rá: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar phobal an Tiarna, ar Iosrael.


Thug sé leis amach mac an rí ansin, chuir sé an choróin air agus thug an fhianaise dó; agus d'fhógair siad ina rí é. D'ung Iahóideá agus a chlann mhac é agus chuir siad gáir suas: “Fad saoil don rí!”


Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche; ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.


Labhair tú tráth i bhfís á rá le do chairde naofa “Thug mé cabhair do ghaiscíoch; d'ardaigh mé fear tofa den phobal.


Aon uair amháin a mhionnaigh mé; dar mo naofacht, nach ndéanfainn bréag le Dáiví.


Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras, an té ar rug sé ar láimh dheis air chun na ciníocha a leagan ina fhianaise agus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile; chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteach ionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.


an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.


Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.


Ansin dúirt Samúéil leis an bpobal ar fad: “An bhfeiceann sibh an té a thogh an Tiarna? Níl a leithéid i measc an phobail ar fad.” Ansin rinne an pobal go léir comhgháir á rá: “Fad saoil don rí!”


Tabhair cuireadh chun na híobartha do Ieise, agus taispeánfaidh mise duit cad a bheidh le déanamh agat. An té a ainmneoidh mé duit, déanfaidh tú é a ungadh dom.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí