Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Ríthe 1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil I. Do thogair Adoniiah chum an righeachd do bheith aige. 12 Ach is é Solumh do fuair i.

1 Anois do bhí an rígh Dáibhi foirfe agus áosta a mblíadhnuibh; agus do chlúdadar é le héadach, achd ní bhfuáir sé teas ar bith.

2 Ar a nadhbharsin a dubhradar a shearbhfhoghantuighidh ris, Iarthar dom thighearna an rígh maighdion óg: agus seasadh sí as coinne an rígh, agus déanadh sí fritheolamh dhó, agus luigheadh sí iona bhrollach, chor go bhfuighe mo thighearna an rígh teas.

3 Mar sin díarradar cailín scíamhach ar feadh chóstadha Israel uile, agus fuaradar Abisag Sunamíteach, agus thugadar chum an righ í.

4 Agus do bhí a nóigbhean ro sciámhach, agus do fhritheoladh sí an rígh, agus do niodh minióstralachd dhó: ach ní raibh an rígh dfior aice.

5 ¶ Ann sin do árduigh Adoniiath mac Haggit é féin, gha rádh, Biáidh misi am rígh: agus do ghleús sé carbuid agus marcshluágh dhó féin, agus cáogad fear do rioth roimhe.

6 Agus níor chuir a athair na aghaidh uair ar bíth a rádh, Cred fa ndeárna tú marso? agus do bhí seison mar an gcéadna na fhear ro bhreágha; agus a ndiáigh Absolon do rug Haggit é.

7 Agus do chomhairligh sé le Ióab mac Seruiah, agus re Abiatar an sagart: agus ag leanmhuin Adoniiah dhóibh do chungnádar leis.

8 Ach Sádoc an sagart, agus Benaiah mac Iehoiada, agus Nátan an fáidh, agus Simei, agus Rei, agus dáoine cumhachdacha do bhean re Dáibhi, ni rabhadar a bhfochair Adoniiah

9 Agus do mharbh Adoniiah caóirigh agus daimh agus áirnéís mhéith láimh re cloich Sohelet, noch atá láimh ré Henrogel, agus thug sé cuireadh dhá dhearbhraithribh uile mic an rígh, agus do mhuinntir Iúdah uile searbhfhoghantuighidh an righ:

10 Ach ni thug sé cuireadh do Nátan an fáidh, ná do Bhenaiah, ná do na dáoimbh cumhachdacha, ná do Sholamh a dhearbhrathair.

11 ¶ Uimesin do labhair Nátan re Batséba mathair Sholáimh, gha rádh, Nach ccúala tusa go bhfuil Adoniiah mac Haggit na rígh, agus ní bhfuil a fhios sin ag Dáibhi ar ttighearna?

12 Anois ar a nadhbharsin, guidhim thú, léig dhamhsa comhairle do thabhairt dúit, lé ccoiseonuigh tu hanum féin, agus anum do mhic Solamh.

13 Eirigh agus imthigh a steach go Dáibhi rígh, agus abaír ris, Nach dtug tusa, do mhionna, mo thighearna, ó a rígh, dot bhanoglaich, dha rádh, Go deimhin biáidh do mhac Solamh na rígh am dhiáighsi, agus suighfidh sé am chathaoir ríogha? maiseadh cred fá bhfuil Adoniiah na rígh?

14 Féuch, an feadh bhías tusa annsin ag labhairt ris an rígh, tiucfa misi a steach fós ad dhiaigh si, agus daingneocha mé do bhriáthra.

15 ¶ Agus do chuáidh Bat‐séba a steach chum an rígh don tseómra: agus do bhí an rígh ro fhoirfe; agus do bhí Abisag an Sunamiteach ag miniostralachd don rígh.

16 Agus do chrom Bat‐seba, agus do rinne sí umhla don rígh. Agus a dubhairt an righ, Cred is áill leachdsa?

17 Agus a dubhairt sisi rís, O mo thighearna, do mhionnuigh tú fad THIGHEARNA Día dot bhanoglaich, dá rádh, Go deimhin biáidh Solamh do mhacsa na rígh am dhiáighsi, agus suighfidh sé ann mo chathaoir ríogha.

18 Agus anois, féuch, atá Adoniiah ag riaghlughadh; agus, ó mo thighearna a rígh, ní bhfuil a fhios sin agadsa:

19 Agus do mharbh sé daimh agus áirnéis reamhar agus mórán cáorach, agus do thug sé cuireadh do mhacuibh an rígh uile, agus do Abiatar an sagart, agus do Ióab caiptín an tslóigh: ach ní thug sé cuireadh dot shearbhfhoghantuigh Solamh.

20 Agus tusa, mo thighearna, ó á rígh, atáid súile Israel uile ort, go ninneostá dhóibh cía shuighfios a ccatháoir riogha mo thighearna an rígh na dhiáigh.

21 Nó teigeomhaidh a núair, chuideolus mo thighearna an rígh a bhfochair a aithreadh, go measfuighthear misi agus mo mhac Solamh ar naindlightheachaibh.

22 ¶ Acht, cheana, an feadh do bhí sí fós ag comhrádh ris an rígh, thainic Nátan an fáidh a steach mar án gcéadna.

23 Agus do innsiodar don rígh dhá rádh, Féuch Nátan an faídh. Agus an tan tháinic sé a steach a bhfiadhnuise an rígh, do chláon sé é féin a lathair an rígh le na aghaidh chum na talmhan.

24 Agus a dubhairt Nátan, O mo thighearna, a rígh, a ndubhairt tusa, Biáidh Adoniiah na rígh am dhiáigh, agus suighfidh sé ann mó chathaóir ríogha?

25 Oir do chuáidh sé síos a niugh, agus do mharbh sé daimh agus áirnéis reamhar agus caóirigh go hiomadamhuil, agus do ghoir sé mic an rígh uile, agus caiptinigh an tslóigh, agus Abiatar an sagart; agus, féuch, atáid ag ithe agus ag ól da lathair, agus a deirid siád, Go mairigh an rígh Adoniiah.

26 Acht misi, misi do shearbhfoghántuigh, agus Sádoc an sagart, agus Benaiah mac Iehoiada, agus do shearbhfhoghantuigh Solamh, nior ghoir sé sinn.

27 A né mo thighearna an rígh do rinne na neithesi, agus nár fhoillsigh tú dot shearbhfhoghantuigh, cía shuighfiodh a scathaóir mo tighearna an rígh na dhiaigh?

28 ¶ Ann sin do fhreagair Dáibhi rígh agus a dubhairt, Goirigh chugam Bat‐seba. Agus tháinic sisi a bhfiadhnuisi an rígh, agus do sheas a lathair an rígh.

29 Agus thug an rígh a mhionna, agus a dubhairt, Mar mhairios an TIGHEARNA, noch dfuasguil manum as gach uile amhgar,

30 Amhuil agus thug mé mo mhionna dhuitse fa an THIGHEARNA Día Israel, gha rádh, Go deimhin biáidh Solamh do mhac na rígh am dhiaighsi, agus suighfidh sé am chathaóir ríogha ám áit; mar sin do dhéana mé a niugh go dearbhtha.

31 Annsin do chrom Bat‐séba lé na gnúis chum na talmhan, agus do rinne sí umhla don rígh, agus a dubhairt, Go mairigh mo thighearna Dáibhi rígh go síorruidhe.

32 ¶ Agus a dubhairt Dáibhi rígh, Goiridh chugam Sádoc an sagart, agus Nátan an fáigh, agus Benaiah mac Iehoiada. Agus tangadar a lathair an rígh.

33 A dubhairt an rígh riú mar an gcéadna, Beiridh libh searbhfhoghantuighidh bhur ttighearna, agus tugaidh air Sholamh mo mhac dul air mo mhúille féin, agus béirigh síos é go Gihon:

34 Agus ungadh Sádoc an sagart, agus Nátan an fáidh ann sin é na rígh ós cionn Israel: agus séidighsi an stoc, agus abruidh, Go mairigh an rígh Solamh.

35 Ann sin tiucfuidhesi a níos na dhiáigh, chor go ttiucfa se, agus go suighfidh ann mo chathaóir ríoghasa; óir biáidh sé na rígh am áit: agus do órduigh misi é bheith na ríaghluightheóir ós cionn Israel agus ós cionn Iúdah.

36 Agus do fhreagair Benáiah mac Iehoiada an rígh, agus a dubhairt, Amen: go nabra TIGHEARNA Día mo thighearna an rígh sin.

37 Mar do bhí an TIGHEARNA lem thighearna an rígh, go raibh mair sin le Solamh, agus go ndéarna sé a chatháoir ríogha níos mó ná cathaóir mo thighearna Dáibhi righ.

38 ¶ Ann sin do chuáidh Sádoc an sagart, agus Nátan an fáidh, agus Benaiah mac Iehoiada, agus na Cheretitigh, agus na Peletitigh, síos, agus do chuireadar Solamh ar mhúille Dháibhi rígh, agus thugadar go Gihon é.

39 Agus do bhean Sádoc an sagart adharc ola amach as an ttabernacuil, agus do ungaidh sé Solamh. Agus do shéideadar an stoc; agus a dubhairt an pobal uile, Go mairigh an rígh Solamh.

40 Agus tháinic an pobal uile a níos na dhiáigh, agus do bhí an pobal ag píobaireachd lé píobuibh, agus do rinneadar solás maille re gáirdeachus mór, iondus gur scoilt an talamh lé na bhfuáim.

41 ¶ Agus do chúaluidh Adoniiah sin agus a luchd cuirigh uile do bhí na fhochair ar gcur deiridh le na gcuid bidh dithe. Agus a nuáir do chualuidh Ióab guth an stuic, a dubhairt sé, Créd fá bhfuil an tormánso na caithreach ag dul thríd a chéile?

42 Agus an fad do bhí gha rádh sin, féuch, tháinic Ionatan mac Abiathair an sagart: agus a dubhairt Adoniiah ris, Tárr a steach; óir is duine cródha thú, agus atáid sceula maithe leachd.

43 Agus do fhreagair Ionatan agus a dubhairt sé re Adoniiah, Go deimhin do rinne Dáibhi rígh ar ttighearna, rígh do Sholamh.

44 Agus do chuir an rígh Sádoc an sagart leis, agus Nátan an fáidh, agus Benaiah mac Iehoiada, agus na Cheretitigh, agus na Peletitigh, agus tugadar air dul ar mhúille an righ:

45 Agus do ung Sádoc an sagart agus Nátan an táidh é na righ ann Gihon: agus tangadar a nios as sin ag urgháirdiughadh, iondus gur líon an chathair dfuáim agus dfothrom. Agus a sé sin an giorac do chualabhairsi.

46 Agus fós atá Solamh na shuighe a ccathaóir na rioghachda.

47 Agus tuiheamh oile, thangadar serbhísigh an rígh do bheannughadh ar ttighearna Dáibhi rígh, gha rádh, Go ndearna Día ainm Sholaimh níos féarr ná hainmsi, agus go ndéarna sé a chathóir níos mo ná do chathaóir. Agus do chlaon an rígh é féin ar a leabuidh.

48 Agus mar an gcéadna is marso a dubhairt an rígh, Go madh beannuígh an TIGHEARNA Día Israel, noch thug duine do shuidhe ann mo chathaóir ríogha a niugh, agus mo shúile féin da fhaicsin.

49 Agus do ghabh eagla a raibh air cuireadh a bhfochair Adoniiah, agus déirgheadar suas, agus dimthigh gach áon aca roimhe.

50 ¶ Agus do ghabh eagla Adoniiah roimhe Sholomh, agus déirigh sé, agus do imthigh, agus do rug sé greim ar adharcaibh ua haltóra.

51 Agus do hinnseadh do Sholamh dhá rádh, Féuch, atá eagla ar Adoniiah roimhe an rígh Solamh: óir, féuch, rug sé greim ar adharcaibh na haltora, gha rádh, Tugadh an rígh Solamh a mhionna dhamhsa a niugh nach muirtidh se a shearbhfhoghantuigh leis an gcloidheamh.

52 Agus a dubhairt Solamh, Má fhoillsighionn sé é féin na dhuine curata, ní racha éan ruibe dhá ghruáig fá thalumh: acht má geibhthear droichmhéin ann, cuirfighear chum báis é.

53 Mar sin do chuir an rígh Solamh fios air, agus thugadar léo a nuas ó naltóir é. Agus tháinic sé, agus dumhluigh é féin don rígh Solamh: agus a dubhairt Solamh ris, Imthigh dot thigh.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí