Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Ríthe 9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Ata Iehu na sciúrsa ar Ahab, ar son a neímhdhiaghachd.

1 Agus do ghoir Elisa an faígh air aon do chloinn na bhfágh, agus a dubhairt sé ris, Criosluigh súas do cháol, agus glac an bocsa olasa ann do laímh, agus imthigh go Rámot‐ghílead;

2 Agus a nuáir thiucfas tú annsin, íarr Iehu mac Iehosaphat mhic Nimsi annsin, agus imthigh a steach, agus tabhair air éirghe ó bheith a measc a dhearbhraithreach, agus beir leachd go seómra a bhfad a steach é;

3 Annsin glac an bocsa ola, agus dóirt ar a cheann é, agus abair ris, Is marso deir an TIGHEARNA, Do ungaídh mé thú ad rígh ós cionn Israel. Annsin foscuil an dorus, agus teith, agus ná déan comhnuighe ann.

4 ¶ Marsin do chuáidh an tóganach sin, eadhon an tógánach an fáidh, go Rámot‐ghílead.

5 Agus a nuáir tháinic sé, feuch, do bhádar caiptinigh an tslóigh na suidhe; agus a dubhairt seision, Atá teachdaireachd agum chugad, a chaiptín. Agus a dubhairt Iehu, Cia aguinn dínn uile? agus a dubhairt seision, Atá chugadsa, a chaiptín.

6 Agus déirigh seision, agus do chuáidh don tigh; agus do dhóirt sé a nola ar a cheann, agus a dubhairt ris, Is marso déir an TIGHEARNA Día Israel, Do úng mé thú ad rígh ós cionn phobuil an TIGHEARNA, eadhon ós cionn Israel.

7 Agus búailfidh tú tigh Ahab do mhaighistir, ar chor go ndioghóla misi fuil mo sherbhíseach na bhfágh, agus fuil sherbhíseach an TIGHEARNA uile as láimh Iesebel.

8 Oír scriosfuighthear tigh Ahab uile: agus gearrfa mé ó Ahab an té mhúnas a naghaidh an bhalla, agus an té dhruidthear súas agus atá ar fágbháil ann Israel:

9 Agus do dhéana mé tigh Ahab cosmhuil re tigh Ieroboam mhic Nébat, agus cosmhuil re tigh Bhaasah mhic Ahiiah:

10 Agus íosuid na madruidh Iesebel a mír Iesreel, agus ní bhiáidh áonduine adhlacas í. Agus dfoscuil se an dorus, agus do theith sé.

11 ¶ Ann sin tháinic Iehu amach chum serbhíseach a thighearna: agus a dubhairt duine ris, An bhfuil gach éinní go maith? cred fá ttáinic an fear buile so chugad? Agus á dubhairt sé ríu, Atá fios an duinesi agus a chomhráidh aguibhsi.

12 Agus a dubhradarsan, As bréagach sin; innis dúinn anois. Agus a dubhairt seision, Marso agus marso do labhair sé riomsa, gha rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA, Do ung mé thú ad rígh ós cionn Israel.

13 Ann sin do dheithfrigheadarsan, agus do ghlac gach aon a éadach, agus do chuireadar faói é ar uachdar na staighreagha agus do shéideadar ré stocaibh, gha rádh, Sé Iehu an rígh.

14 Marsin do chuáidh Iehu mhac Iehosaphat mhic Nimsi a naghaidh Ióram. (Anois do choimhéad Ióram Ramot‐gilead, é féin agus Israel uile, ar eagla Hasael rígh na Síria.

15 Acht dfill an rígh Ióram dá leighios go Iesreel ó na cneadhaibh thugadar na Sírianuigh dhó, a nuáir do throid sé ré Hasael rígh na Síria.) Agus a dubhairt Iehu, Mas é so is inntinn daóibh, annsin ná himthigheadh éanduine agus na leigidh éanduine do dhul amach as an gcathraigh do rachadh da innisin an Iesreel.

16 ¶ Marsin dimthigh Iehu a ccarbad, agus do chuáidh go Iesreel; (óir is ann sin do bhí Ióram na luidhe.) Agus tháinic Ahasiah rígh Iúdah a núas dféachuin Ióram.

17 Agus do sheas fear faire ar thor ann Iesréel, agus do chonnairc sé cuideachda Iehu ag teachd, agus a dubhairt, Do chím cuideachda. Agus a dubhairt Ióram, Fagh marcach, agus éirgheadh na ccoinne, agus abradh, An síothcháin í?

18 Mar sin do chuáidh duine ar each do theagmháil ris, agus a dubhairt sé, Is mar so a deir an rígh, An síothcháin í? Agus a dubhairt Iehu, Cred atá uaitse ar shiothcháin? tárr táobh shíar dhíom. Agus dinnis fear na faire, dha rádh, Do chuáidh an teachdaire go nuige íad, acht ní bhfuil sé ag teachd a rís.

19 Ann sin do chuir sé an dara duine amach ar each, noch tháinic chugthasan, agus a dubhairt, Is marso a deir an rígh, An síothcháin í? Agus do fhreagair Iehu, Cred atá uáitsi ar síothcháin? tárr táobh shíar dhíom.

20 Agus dinnis fear na faire, gha rádh, Tháinic sé go nuige íad, agus ní bhfuil sé ag teachd a rís: agus is cosmhuil an tarruingso lé tarruing Iéhu mhic Nimsi; óir tairrngidh sé go dasachdach.

21 Agus a dubhairt Ióram, Bíthí réidh. Agus do hinnleadh a charbad dho. Agus do chuáidh Ióram rígh Israel agus Ahasiah rígh Iúdah amach, gach áon ann a charbad, agus do chúadar amach a naghaigh Iéhu, agus tárla ris íad a bhfearann Nábot an Tiesreliteach.

22 Agus tárla, a nuáir do chonnairc Ióram Iehu, go ndubhairt sé, An síothcháin, a Iéhu? Agus do fhreagair seision, Cred í an tsióthcháin, an fad bhías stríopachus do mhatharsa Iesebel agus a piséoga coimhlíonmhar sin?

23 Agus do iompóigh Ióram a lámh, agus do theith sé, agus a dubhairt ré Ahasiah, Atá feall ann, ó Ahasiah.

24 Agus do tharruing Iehu bogha le na neart iomlán, agus do bhúail sé Iehóram idir a righibh, agus do chuáidh án tsoighead amach agá chroidhe, agus do thuit sé síos iona charbad.

25 Ann sin a dubhairt Iehu re Bidcar a chaiptín, Tóg suás, agus teilg é a bpoirsion fhearuinn Nábot an Tiesreeliteach: óir cuimhnigh, a nuáir do bhi misi agus tusa ag marcuigheachd a bhfochair a chéile a ndíaigh Ahab a athar, gur leag an TIGHEARNA an túalachsa air;

26 Go deimhin do chonnaírc mé a né fuil Nábot, agus fuil a mhac, ar sa an TIGHEARNA; Agus cúiteochuidh mé riotsa annsa náitsi, ar sa an TIGHEARNA. Anois ar a nadhbharsin tóg agus teilg é annsa ghárrdha, do réir bhréithre an TIGHEARNA.

27 Achd an tan do chonnairc Ahasiah rígh Iúdah sin, do theith sé a slighe tigh an gháirdín. Agus do lean Iehu na dhiáigh, agus a dubhairt, Buaílidh eision mar an gcéadna annsa charbad. Agus do rinneadar sin ag árd Gur, noch atá láimh ré Ibleam. Agus do theith sé go Megiddo, agus fúair sé bás annsin.

28 Agus rugadar a shearbhfhoghantuighe leó a ccarbad é go Hierusalem, agus do hadhlaiceadh iona thúama é a bhfochair a aithreadh a ccathruigh Dháibhí.

29 Agus annsa naónmhadh bliadhuin déug do Ióram mac Ahab do thósuigh Ahasiah a rioghachd ós cionn Iúdah.

30 ¶ Agus a núair tháinic Iehu go Hiesreel, do chúala Iesebel é; agus do dhealbh si a haghaidh, agus do dheaghmhaisigh a ceann, agus dféuch sí amach a bhfuinneóig.

31 Agus ar tteachd do Iehu a steach san ngeata, a dubhairt sí, An bhfúair Simri siothchaín, noch do mharbh a mhaighistir?

32 Ann sin do thóg seision a aghaidh súas chum na fuinneóige, agus a dubhairt, Cía atá dom tháobhsa? cia hé? Agus dféuchadar annsin amach air días nó triúr do na cúirtoribh.

33 Agus a dubhairt seision, Teilgidh a núas í. Annsin do theilgeadar siós í: agus do spréigh cuid dá fuil ar an mballa agus ar na heachaibh: agus do shaltair sé fáoi na chosuibh í.

34 Agus an tan thainic sé a sdeach, dúaigh sé bíadh agus dibh sé deoch, agus a dubhairt, Eirghidhe, féuchuidh anois an bhean mhalluighse, agus adhluicidh í: óir is inghean rígh í.

35 Agus do chuádar dá hadhlacadh: achd ni bhfúaradar nios mó dhi ná an chloigionn, agus na cosa, agus cláir a dearnann.

36 Uime sin thangadar a rís, agus dinnsiodar dhó. Agus a dubhairt seision, Sé so briathar an TIGHEARNA, noch do labhair sé tre na shearbhfhoghantuigh Elias an Tisbiteach, gha rádh, A bpoirsiún Iesreel íosuid na madruigh feóil Iesebel:

37 Agus biáidh conablach Iesebel amhuil áoileach ar aghaidh na talmhan a ngárdha Iesreel; iondus nach aibeóruid siád, Si so Iesebel.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí