Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d'ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 tháinig an bhean aníos chuige agus searróg alabastair aici dʼuinnimint chostasach, agus dhoirt sí ar a cheann í, agus é ina shuí chun boird.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Tháinic bean chuige, a raibh bocsa alabastair d’ungadh luachmhar aice, agus dhoirt sí ar a chionn é, agus é ag cáitheamh bídh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 tháinig chuige bean ag a raibh crúsca alabastair agus uinneimeint an‐luachmhar ann, agus do dhoirt sí ar a cheann í, agus é ’n‐a shuidhe ag an mbórd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Tainic bean chuige agá raibh bocsa dola rouásuil, agus do dhóirt sí é ar a cheannsan, agus é na shuidhe ar an mbórd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Tháinig bhean chuige agus árthach alabastair aici a bhí lán d’ungadh ana-dhaor, agus do dhoirt sí ar a cheann é, agus é ’n-a luighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair dʼola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:7
12 Tagairtí Cros  

Ghlaoigh Eilíseá ar dhuine de bhráithreachas na bhfáithe: “Cuir crios faoi do choim,” ar sé, “beir an crúiscín ola seo i do láimh, agus téigh go Rámot Gileád.


Mar uinnimint a doirteadh ar an gceann, agus a shil ar an bhféasóg - a shil anuas ar fhéasóg Árón, go himeall a fhallainge.


Truaillíonn cuileoga marbha soitheach d'ola chumhra; mar an gcéanna is láidre beagán baoise ná eagna agus onóir.


Caith éadach geal i gcónaí agus ná bíodh uinnimint de dhíth ar do cheann choíche.


Is maith é cumhracht d'ola, ola dhoirte d'ainm a d'fhág na cailíní i ngean leat.


Chuir tú maise ort féin le hola ar son Mhoilic, ag stealladh cumhrán ort féin; chuir tú do theachtairí i bhfad i gcéin, chuir tú iad síos go Seól fiú.


Agus nuair a chonaic na deisceabail é bhí míchéadfa acu: “Cén fáth an diomailt seo?” ar siad;


Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar, agus é ag bord, tháinig bean le próicín alabastair d'ola nard dhílis mhórluaigh; bhris sí an próicín alabastair, agus dhoirt sí an ola ar a cheann.


Níor ung tú mo cheann le hola; ach d'ung sí seo mo chosa le hola chumhra.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí