Dhéantaí carbad a allmhairiú ón Éigipt ar shé chéad seicil, agus capall ar chéad go leith. Dhéantaí iadsan a onnmhairiú trí ghníomhairí an rí go dtí ríthe na Hiteach agus ríthe Arám ar an tslí chéanna.
2 Ríthe 7:7 - An Bíobla Naofa 1981 D'éalaíodar leo dá bhrí sin le titim na hoíche agus theitheadar agus d'fhágadar ansin a mbothanna, a gcapaill, agus a n‑asail; d'fhágadar an longfort díreach mar a bhí sé agus theitheadar lena n‑anam. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin do éirgheadar agus do theithiadar a mocha laói, agus dfágbhadar a lóistínigh, agus a neich, agus a nassuil, eadhon an campa mar do bhí sé, agus do theithíadar ar son a nanma. |
Dhéantaí carbad a allmhairiú ón Éigipt ar shé chéad seicil, agus capall ar chéad go leith. Dhéantaí iadsan a onnmhairiú trí ghníomhairí an rí go dtí ríthe na Hiteach agus ríthe Arám ar an tslí chéanna.
agus threascair gach fear a chéile comhraic. Theith Arám agus lean Iosrael iad. D'éalaigh Bein Hadad ar each le marcshlua.
Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall, Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.
Ní hé an t‑each a bhéarfaidh an bua; ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh.
Tugann an Tiarna an briathar uaidh; is líonmhar an slua iad lucht inste dea-scéala:
Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.
Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air; tá an fíréan chomh cróga le leon.
An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n‑adhradh,
Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.
Sheas gach duine ina láthair féin timpeall an longfoirt. [Dhúisigh] lucht an longfoirt go léir agus theitheadar agus iad ag liúirigh.
Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine.