Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Ríthe 7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Do fhuaduigh Dia na Sirianuigh 6 Shumaria. 6 Lé torann shloigh ó néamh.

1 An sin a dubhairt Elisa, Eistighsi briathra an TIGHEARNA; Mar so a deir an TIGHEARNA, A márach timchioll na huáiresi reacfuighear miosúr do phlúr fhínealta ar shecel, agus dhá mhiosúr eórna ar shecel, a ngeata Shamária.

2 Ann sin tighearna ar léig an rígh a cheann air a láimh do fhreagair sé doglach Dé, agus a dubhairt, Féuch, dá ndéarnadh an TIGHEARNA fuinnéoga ar fhlaitheamhnus, nar bhféidir an nise bheith mar so? Agus a dubhairt seision, Féuch, do chindh tusa led shúilibh é, achd ní íosa tú éinní dhé.

3 ¶ Agus do bhádar ceathrar do dhaóinibh lubhraigh ag dul a steach an gheata: agus a dubhradar gach áon re chéile, Cred fá suighmid annso go bhfagham bás?

4 Má deirmid, racham a steach don chathruigh, atá an ghorta san ccathruigh, agus do gheabham bás annsin: agus má shuighemid annso a ccomhnuigh, do gheabham bás mar an gcéadna. Anois ar a nadhbharsin déanam, agus teithiom go slógh na Síriánach: ma chumhduighid béo sinn, bíam béo; agus má mharbhuid sinn, ní bhfuighiom achd bás.

5 Agus do éirgheadar súas go mochthráth, do dhul a bhfoslungphort na Sírianach: agus a núair thangadár gus an ccuid dob fhaide amach do champa na Sirianach, féuch, ní raibh éanduine ann sin.

6 Oír thug an TIGHEARNA ar shlúagh na Sírianach torann mór carbad, agus torann marcshlúagh do chluinsean, eadhon torann slóigh mhóir: agus a dubhradar gach áon ré chéile, Féuch, dfostóigh rígh Israel ríghthe na Hititeach ar naghaidh, agus ríghthe na Négipteach do theachd oruinn.

7 Ar a nadhbharsin do éirgheadar agus do theithiadar a mocha laói, agus dfágbhadar a lóistínigh, agus a neich, agus a nassuil, eadhon an campa mar do bhí sé, agus do theithíadar ar son a nanma.

8 Agus á núair thangadar na lobhairsi don chuid amuigh don champa, do chúadar go héanpháillíun, agus a dúadar agus do ibheadar ní ann, agus rugadar as sin ór, agus airgiod, agus eaduigh, agus do imthigheadar agus do fholchadar sin; agus thangadar a rís, agus do chúadar a steach a bpáilliún oile, agus rugadar leó as sin mar an gcéadna, agus dimthighedar agus dfolchadar é.

9 Ann sin a dubhairt gach áon ré chéile dhíobh, Ní maith do nímid: is lá deighscéul an lá a niugh, agus atámaoidne ar ttost: má fhanmaoid go solus na maidne, ann sin tiucfaidh olc éigin oruinn: anois ar a nadhbharsin déunam, agus innsiom do mhuinntir an rígh.

10 Mar sin thangadar agus do ghoireadar ar dhoírseóir na caíthreach: agus do innisiodar dhóibh, dha rádh, Thangamairne go campa na Siriannach, agus, féuch, ní raibh duine annsin, nó guth duine, achd eich cheangailte, agus assail cheangailte, agus na cábáin mar do bhádar.

11 Agus do ghoir seision na doirseóirigh oile; agus dinnseadar sin a stigh a ttigh an rígh.

12 ¶ Agus deirigh an rígh ann sa noidhche, agus a dubhairt re na shearbhfhoghantuibh, Taisbeanfuidh mé dhíbh anois cred do rinneadar na Sírianuigh oruinn. Ata a fhios aca go bhfuil ocras oruinne; uime sin do chúadar amach as an ccampa da bhfolach féin annsa machaire, dha rádh, A núair thiocfuid síad amach as a ccathruigh, béurumné orra beó, agus rachum a steach san ccathruigh.

13 Agus do fhreagair duine da mhuinntir é, agus a dubhairt, Guidhim thú, glacadh cuid éigin, cúig do na heachaibh, mhairios annsa ccathruigh, (féuch, ataid siad mar uile shlúagh Israel do fágbhadh beó innte: féuch, a deirim, ataíd siad mar iomadamhlachd na Nísraeliteach uile noch do fúair bás): agus cuiream amach agus feucham.

14 Do ghlacadar ar a nadhbharsin cuingir deachaibh carbuid; agus do chuir an rígh a ndiáigh na Sírianach íad, gha rádh, Eirghidh agus féuchaidh.

15 Agus do chúadar na ndiaígh go Iordan, agus, féuch, do bhi an tslighe lán déuduighibh agus do shoithidhibh, noch do theilgeadar na Sírianuigh uatha íona ndeithnios. Agus dfilleadarna teachda, agus dinnisiodar sin don rígh.

16 Agus do chuáidh an pobal amach, agus do airgeadar lóistínigh na Sírianach. Iondus gur reacadh miosúr do phlúr fhínéalta ar shecel, agus dhá mhíosúr eórna air shecel, do reír bhréithre an TIGHEARNA.

17 ¶ Agus do órduigh an rígh don tighearna a léigeadh sé a throm air a láimh cúram an gheata do bheith air: agus do shaltradar an pobal air annsa gheata, agus deúg sé, mar a dubhairt óglach Dé, noch do labhair sé a nuáir thaínic an rígh siós chuige.

18 Agus tárla mar do labhair oglach Dé ris an rígh, gha rádh, Biáidh dhá mhiosúr eórna ar shecel, agus miosúr do phlúr fhínealta ar shecel, timchioll an namaso a márach an geata Shámaria:

19 Agus do fhreagair an tighearna úd óglach Dé, agus a dubhairt, Féuch, dá ndéarnadh an TIGHEARNA fuinneóga ar fhlaitheamhnus, nar bhfeídir a leitheíd sin do bheith? Agus a dubhairt seision, Féuch, do chífe tusa led shuilibh é, gidheadh ní íosa tú dhé.

20 Agus is marsin deírigh dhó: óir do shaltradar an pobal air annsa gheata, agus fuair sé bás.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí